Ionad nua do Raidió na Life ar Shráid Amiens
Tá cruth ag teacht ar stiúideonna úrnua Raidió na Life i Sráid Amiens céim ar chéim! Chuireamar tús le dornán beag clár beo ó na stiúideonna nua an tseachtain seo – ag tosnú le Aindriú Mac An Rí ar an Meangadh Mór ag a 4:30 i.n.ar an Máirt, 10 Deireadh Fómhair !Cuireadh tús leis na cláir chainte ar an stáisiún inné leis an Bricfeasta Blasta curtha i láthair ag Niamh Ní Shúilleabháin. Tá súil againn bheith ag craoladh an gnáth-sceideal ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh.
Idir an dá linn, seo spléachadh beag daoibh ar chuid den obair mhór atá idir lámha agus na stiúideonna nua á dtógaint faoi láthair! De réir a chéile a thógtar na caisleáin… Agus beidh caisleán thar a bheith galánta againn sar i bhfad!
Ba mhaith linn buíochas mór a ghabháil le Foras Na Gaeilge as ucht a gcuid tacaíochta do RnaL agus muid ar tháirseach an cheathrú céid (beimid 25 bliain ar aer an bhliain seo chugainn!). Is mór againn an vóta muiníne atá tugtha acu do RnaL leis an dtacaíocht infheistíochta atá curtha ar fáil acu dúinn le tógáil na stiúideonna nua agus muid ag cur tús le caibidil nua spleodrach i scéal stáisiún raidió na nGael san ardchathair.



