Raidió na Life – Dúiseacht na hAislinge – Clár comórtha ar bhunú RnaL le craoladh ar Lá Nollag ag a 2 i.n.

Craolfar clár faisnéise speisialta ‘Raidió na Life: Dúiseacht na hAislinge’ ar Raidió na Life 106.4 FM agus ar raidionalife.ie ar Lá Nollag ag 2 i.n. agus beidh deis ag daoine éisteacht leis an gclár arís ar Lá Caille ag a 1 i.n.

Sa chlár ceiliúrtha seo, inseofar an scéal a bhaineann le bunú Raidió na Life tríocha bliain ó shin agus go háirithe na laethanta, seachtainí agus míonna tosaigh a bhí ag an stáisiún ar an aer, cúig bliana níos déanaí, in 1993. Sa chlár, cuireann Bainisteoir Raidió na Life, Muiris Ó Fiannachta agallaimh ar chuid acu siúd a bhunaigh an stáisiún agus cuid de na chéad fhostaithe a d’oibrigh go dian sna luathbhlianta chun an fhís a fhíorú.

Ina measc siúd a chloisfimid ag labhairt faoina gcuimhní ar an ré speisialta sin, tá Sinéad Crowley, Fachtna Ó Drisceoil, Máirín Nic Eoin, Seosamh Ó Murchú, Éamon Ó Cíosáin, Éamonn Ó Dónaill, Rónán Ó Dubhthaigh agus Deirdre Donnelly.

Ceannródaithe a bhí sna daoine a chuir tús le Raidió na Life, agus an fhís chéanna acu uilig; go mbeadh staisiún raidió uirbeach, lán-Ghaeilge, leathan-aigeanta agus oscailte, gan srianta ar cheol ná ar ábhair, ar fáil do Ghaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath. Le linn an chláir, pléifear na dúshláin agus na buanna a bhain le luathbhlianta an stáisiúin, roinnfear cuimhní cinn agus tabharfaidh taifeadtaí cartlainne (ina measc, Sharon Ní Bheoláin ag cur ‘Seó Beo na nDéagóirí’ i láthair ar an stáisiún i 1993) agus fuaimrian de cheol na linne léargas dúinn ar an atmaisféar a bhí ann ag an am. Cuireann an clár ar ár súile dúinn an t-éacht a rinneadh 25 bliain ó shin in 1993, nuair a tháinig Raidió na Life ar an aer go lánaimseartha den chéad uair, ag athrú thírdhreach na meán cumarsáide Gaeilge ó bhonn.

Tá an clár seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse agus tá Raidió na Life maoinithe ag Foras na Gaeilge.

25_logo_white_web

04_BAI Logo Only Green

_72353486_foras_beag

Beo anois!
Tada le cloisint faoi láthair.
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn