Raidió na Life ag Féile na Gealaí
Tá ríméad ar Raidió na Life go mbeidh an stáisiún i lár an aonaigh ag Féile na Gealaí, féile lán-Ghaeilge a thionólfar i Ráth Chairn i gContae na Mí ón 16-18 Meitheamh 2017.
Beidh an stáisiún ag craoladh beo ó Fhéile na Gealaí ar an Satharn, 17 Meitheamh idir 2-3pm i gcomhpháirt le Raidió Fáilte, stáisiún raidió pobail atá lonnaithe i mBéal Feirste.
Is é seo an dara bliain ina bheidh an fhéile spleodrach seo ar siúl, is í Féile na Gealaí an fhéile champála agus cheoil is mó a thionólfar trí mheán na Gaeilge sa tír i mbliana.
Ar stáitse thar an deireadh seachtaine. beidh Boss Sound Manifesto, Seamus Barra Ó Súilleabháin, Las, Dysania, Lauren Ní Chasaide agus Imlé ag casadh ann agus beidh imeachtaí spraíúla do pháistí, íoga, léamhanna fílíochta REIC agus club grinn Gaelgáirí ar siúl.
Is iad Aindriú de Paor ó Raidió na Life agus Katie McGreal ó Raidió Fáilte a bheidh mar chomhláithreoirí ar an gclár speisalta ó Ráth Chairn agus cinnte beidh neart ceoil agus cainte ann agus aíonna áitiúla, ceoltóirí, filí ag bualadh isteach don gclár.
Bí ag súil le ceol ó Imlé, Lauren Ní Chasaide agus JJ Ó Dochartaigh ag Féile na Gealaí ar Raidió na Life 106.4 Fm agus ar Raidió Fáilte. Is féidir éisteacht beo ar an aip An Seinnteoir Raidió agus ar www.raidionalife.ie.