Raidió na Life ag craoladh beo ó Oireachtas na Samhna 2017

Beidh Oireachtas na Samhna ag filleadh ar an Ríocht arís agus beidh Raidió na Life i lár an aonaigh ag craoladh beo ón “Nead” sa phríomhphasáiste in Óstán an Gleneagle, Cill Áirne, Co Chiarraí idir an 2- 4 Samhain 2017.

Craolfar tuairiscí beo ón Oireachtas agus beidh clúdach ag ócáid bhronnta, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar chlár speisialta a chraolfar Déardaoin, 02 Samhain 2017  idir 8-9pm ar Raidió na Life.

Beidh comhchraoladh raidió beo lenár gcairde ón stáisiún pobail Raidió Fáilte ar an Aoine, beo ón Nead  ar an Aoine, 03 Samhain idir 12-2pm agus ar an gclár seo beidh scéalta ó na comórtais, amhránaíocht agus ceol beo agus agallaimh le hiomaitheoirí, rannpháirtithe, cuairteoirí agus lucht tacaíochta na féile. Beidh fáilte is fichead roimh an pobal a bheith i láthair ag Oireachtas na Samhna 2017 páirt a ghlacadh sa chlár spleodrach seo!

Anuas air sin, tabharfar an deis do chuairteoirí páirt a ghlacadh  in eagrán speisialta don gclár cúrsaí reatha,  Iarnóin, le Barra Mac Aodh Bhuí agus Cormac Breathnach, áit  a bpléifear na ceisteanna is mó do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Craolfar Iarnóin Beo ó Oireachtas na Samhna ar Raidió na Life 106.4 FM Dé Sathairn 04 Samhain idir 12.30- 1.30 p.m.

Is féidir éisteacht le Raidió na Life ar an raidió ar 106.4FM agus ar líne ar Raidionalife.ie. Anuas air sin, táimid ar fáil ar an aip An Seinnteoir Raidió atá saor in aisce ar iTunes agus Google Play.  Chomh maith leis sin, bí ag coinneáil súil amach don scéal is déanaí ar leathanach Facebook, Twitter agus Instagram Raidió na Life le linn na féile!

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn