Raidió na Life ag an bPicnic Áibhléiseach
Tá Raidió na Life ag ullmhú don gcuairt bhliantúil ar an tSráidbhaile i gContae Laoise don bPicnic Áibhléiseach agus i mbliana tá lúcháir ar an stáisiún go mbeidh oíche mhór cheoil á réachtáil oíche Aoine sa Phuball Gaeilge ar an láthair Mindfield ag an bhféile cheoil.
Siamsa Raidió na Life ag an bPuball Gaeilge
Ar stáitse ag Siamsa Raidió na Life ar an Aoine sa Phuball Gaeilge, cuirfear tús le spraoi na féile ag a 5pm le ceol bríomhar ón mbanna ceoil Círéib agus ina dhiaidh sin beidh blaiseadh ar shaol an oileáin leis an amhránaí Pádraig Jack.
Cloisfear ceol ó Lauren Ní Chasaide, amhránaí a d’eisigh EP úr Féin an samhradh seo agus a bhí le feiceáil ag Féile na Gealaí agus ag Liú Lúnasa.
Níos déanaí ag 7pm, beidh siamsaíocht den chéad scoth i bhfocair na gceoltóirí Archú agus ina dhiaidh sin, cloisfear ón amhránaí Enda Reilly, amhránaí ó Bhaile Átha Cliath a chum ceol le déanaí bunaithe ar dhánta WB Yeats dá eisiúint, Whorls.
Leanfar leis an siamsaiocht i rith na hoíche ag Siamsa Raidió na Life ar an Aoine. Ar stáitse ag 8.15 pm sa Phuball Gaeilge, beidh an t-amhránaí agus láithreoir teilifíse Peadar Ó Goill ar stáitse le Conall Ó hIarnáin. Go gairid ina dhiaidh sin, cloisfimid ceol traidisiúnta ón mbanna Ulchabhán sula chuirfidh na ceoltóirí Muireann Nic Amhlaoibh and Pádraig Rynne, beirt bhall sa ghrúpa Aeons an lasair sa bhearrach agus an slua a mhealladh lena gceol leictreonach.
Beidh láithreoirí Raidió na Life i lár an aonaigh ag an bpuball Gaeilge I rith an deireadh seachtaine, ina measc beidh Niamh Ní Shúilleabháin, Láithreoir ar an mBricfeasta Blasta agus Clár Reachtaire Raidió na Life, Aonghus Ó Lochlainn– láithreoir ar An Buille sa Bhreis, Peadar Ó Caomhánaigh, láithreoir Scéal na Seachtaine, Aindriú de Paor, comhlaithreoir ar An Bricfeasta Blasta agus tuairisceoir Katie Ní Fhaoláin. Anuas air sin, bí ag coimeád cluas amach do cheol agus seiteanna DJ ó láithreoirí iontacha eile atá bainteach leis an stáisiún.
An Puball Gaeilge
Cuireann An Puball Gaeilge an Ghaeilge agus ealaíontóirí Gaeilge i lár an aonaigh ag an fhéile ceoil is ealaíona is mó in Éirinn. Deis iontach atá sa Phuball do phobal na Gaeilge sult a bhaint as scoth na siamsaíochta ina dteanga féin agus bíonn suas le 4,000 cuairteoir chun an Phuball gach bliain.
I measc na n-ócaidí taitneamhacha eile a bheidh ar siúl sa Phuball Gaeilge, ar an Satharn, beidh an deis ag an bpuball machnamh a dhéanamh ar ceisteanna an tsaoil le cainteanna IMBOLC maidin Shathairn. Beidh an drumadóir Brian Flemming ar ais lena mbongós agus cloisfear cór bearbóra trí mheán na Gaeilge. Beidh tú sna tríthí ag Gaelgáirí, buíon fuirseoirí a bhíonn ar chuairt ar fud na tíre, ina measc Jilie J, Áine Gallagher, Martin Angolo, Eve D’arcy agus Laura Byrne agus Aindrias de Staic. Oíche Shathairn fillfidh Rónán Mac Aodh bhuí ar stáitse don Cabaret Craiceálta le leithéidí The BonnyMen, Dominic Mac Giolla Bhríde, Polca 4, Super Céilí.
Dé Domhnaigh beidh tuilleadh cainteanna Imbolc ar stáitse agus ina dhiaidh sin, cuirfear tús le Scóraíocht an Oireachtais le réaltaí móra cosúil le Dó Fá Dó, Úna Ní Fhlaithearta, agus Caitlín Ní Chualáin. Leis beidh Céilí an Oireachtais, ceol agus Gaelgáirí ar stáitse arís. Cuirfear críoch spleodrach le himeachtaí an deireadh seachtaine le Scléip Nós le Tomaí Ó Conghaile le Spats Columbo, Seo Linn, Bernie Pháid agus Dysania.
Buail isteach ar an bPuball agus bain taitneamh as scoth na tallainne sa tír seo. Ní bhfaighfidh tú deis eile a bheith ag luascadh agus ag rince ag ionad níos taitneamhaí ag an bPicnic Áibhléiseach I mbliana!
An Phicnic sa chathair
Doibh siúd nach mbeidh i lathair beidh cláracha ón bPicnic le cloisteáil ar Raidió na Life ag 4pm ar an Satharn, 02 Meán Fomhair agus arís ag 4pm ar an Domhnach 02 Meán Fómhair.
Bí ag éisteacht le scléip na féile ar Raidió na Life 106.4 FM, ar líne ar raidionalife.ie agus ar an aip, An Seinnteoir Raidió.