Podchraoladh nua spóirt i gcomhpháirt le CLG seolta

Tá tús curtha ag Cumann Lúthchleas Gael le sraith nua podchraoltaí Gaeilge  i gcomhpháirt le Raidió na Life.Is iad Cárthach Breathnach agus Cian Ó Griallais a bheidh ag cur na podchraoltaí i láthair.

Tá na céadta imreoirí agus iarimreoirí fud fad na tíre ann a imríonn, agus a d’imir, ár gcuid cluichí ag an leibhéal is airde agus a bhfuil Gaeilge acu. Le linn na sraithe podchraoltaí seo tabharfar deis do go leor de na himreoirí agus na hiarimreoirí sin na mórscéalta agus móreachtraí uilig a bhaineann leis na cluichí a phlé agus a chíoradh de réir mar a thagann siad aníos.

Tá neart scile acu beirt ina leithéid agus iad i mbun an Spota Dubh le Raidió na Life – páirtnéirí CLG sa togra seo – le cúpla bliain anuas.

Sa chéad phodchraoladh sa tsraith seo, caitheann Cárthach agus Cian súil chun cinn ar Sraitheanna Iomána agus Peile Allianz agus ar an mbliain CLG atá amach romhainn. Ina gcomhluadar tá Paul Conroy, imreoir lár páirce le Gaillimh, Donie Breathnach, iarimreoir peile agus iomána le Port Láirge, Fiona Ní Chorcoráin, iarimreoir peile agus camógaíochta le hÁth Cliath agus Cian O’Connell, iriseoir de chuid Chumann Lúthchlas Gael.

Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh anseo agus tá sé ar fáil ar iTunes, Soundcloud agus Spotify.

Beo anois!
Tada le cloisint faoi láthair.
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn