Pobail Ghaeilge: Sraith Faisnéise Úrnua ar Raidió na Life

Cuirfear tús le sraith úrnua faisnéise, Pobail Ghaeilge, ar Raidió na Life 106.4 FM Lá Nollag, 25 mí na Nollaig ag 2.00 i.n. agus craolfar gach lá é i rith seachtain na Nollag. Déanfar athchraoladh ar an sraith san athbhliain, go seachtainiúil, ó Dé hAoine 5 Eanair 2018 ag 7.00i.n go dtí Dé hAoine 2 Feabhra 2018.

Sa sraith ‘Pobail Ghaeilge’, téann an láithreoir, Peadar Ó Caomhánaigh ar camchuairt timpeall na tíre agus é ag déanamh tuairisc ar cuid de na háiteanna, lasmuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta, ina bhfuil iarrachtaí á dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn.

Mar chomhbhunaitheoir ar Pop Up Gaeltacht, beidh Peadar ag cíoradh féiniúlacht agus spreagadh na pobail Ghaeilge nua i gCarn Tóchair i nDoire; i gCeatharlach; in Inis i gContae an Chlár agus i Locha Riach i gContae na Gaillimhe, chomh maith le scéal a phobal féin; Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath. Le hanailís teangeolaíochta ón Dr John Walsh, tabharfar tuiscint níos fearr ar an ról atá ag nuachainteoirí i ngluaiseacht na teanga agus muid ag cur na ceiste, an féidir pobal Ghaeilge beo a chruthú lasmuigh den Ghaeltacht?

Is le cúnamh airgeadais ó scéim mhaoinithe chraoltóireachta Fuaim agus Fís de chuid hÚdarás Craolacháin na hÉireann agus le cuidiú ó Glór na nGael a rinneadh an léiriúchán seo.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gclár, déan teagmháil le:
Judy-Meg Ní Chinnéide, Léiritheoir ‘Pobail Ghaeilge’ ag 01 6616333 nó judy.meg@raidionalife.ie

SV_IrishLogo_2Col
Glór na nGael

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn