Pobail Ghaeilge: Sraith faisnéise nua ar Raidió na Life ag tosnú Dé hAoine 5ú Eanáir ag a 7 i.n.

Craolfar sraith nua clár faisnéise Pobail Ghaeilge ar Raidió na Life 106.4 FM gach tráthnóna Dé hAoine ag a 7 i.n., ag tosnú Dé hAoine 5ú Eanáir agus ag leanúint ar feadh cúig seachtainí go dtí 2ú Feabhra. Craoladh an tsraith don chéad uair le déanaí i rith sheachtain na Nollag agus tabharfar deis d’éisteoirí nua éisteacht leis na cláir fíor-spéisiúla seo i rith mhí Eanáir agus mhí Feabhra.

Sa sraith ‘Pobail Ghaeilge’, téann an láithreoir Peadar Ó Caomhánaigh ar camchuairt timpeall na tíre agus é ag déanamh tuairisc ar chuid de na háiteanna lasmuigh den nGaeltacht traidisiúnta ina bhfuil iarrachtaí á déanamh an Ghaeilge a chur chun cinn.

Duine de chomhbhunaitheoirí an Pop-Up Gaeltacht, beidh Peadar ag cíoradh féiniúlacht na bpobal Gaeilge nua i gCarn Tóchair i nDoire; i gCeatharlach; in Inis i gContae an Chláir agus i Locha Riach i gContae na Gaillimhe, chomh maith le scéal a phobal féin – Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath, agus déanfaidh sé cíoradh ar cad a spreagann na pobail seo le tabhairt faoi chur chun cinn na Gaeilge ina gceantair. Le hanailís teangeolaíochta ón Dr John Walsh, gheobhaidh éisteoirí tuiscint níos fearr ar an ról atá ag nuachainteoirí i ngluaiseacht na teanga agus muid ag cur na ceiste – an féidir pobal Gaeilge beo a chruthú lasmuigh den nGaeltacht?

Is le cúnamh ó scéim mhaoinithe chraoltóireachta Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann agus le cuidiú ó Ghlór na nGael a rinneadh an tsraith seo.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gclár, déan teagmháil le:

Judy-Meg Ní Chinnéide, Léiritheoir ‘Pobail Ghaeilge’ ag 01 6616333 nó judy.meg@raidionalife.ie

SV_IrishLogo_2Col
Glór na nGael

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn