Nótaí Cainte le Jane Farley

Tá áthas ar Raidió na Life a fhógairt go mbeidh daoine iomráiteacha ó phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath á gcur faoi agallamh ag an láithreoir Jane Farley sa tsraith úr raidió dar teideal Nótaí Cainte.

Beidh an deis ag éisteoirí Raidió na Life scéalta agus cuimhní de chuid roinnt de na haisteoirí, craoltóirí agus scéalaithe is mó sa chathair a chloisteáil gach Déardaoin idir 8-9 pm idir seo agus deireadh na bliana.

Is í an t-aiseoir Máire Hastings a bheidh á chur faoi agallamh ag Jane Farley sa chéad chlár agus insíonn sí do Jane faoina hóige, agus a gairm bheatha mar aisteoir ar stáitse in Amharclann na Mainistreach agus ar an scaileán mór.

Sa chlár, tá rogha ceoil an aisteora le cloisteáil agus téimid ar thuras siar go dtí laethanta a hóige nuair a bhíodh cónaí uirthi i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo. Insíonn sí do Jane faoina clann, na trioblóidí agus na dúshláin a bhí rompu ag fás aníos agus caitheann sí súil siar ar seal sa choláiste oiliúna do mhúinteoirí agus an easpa saoirse a bhí ag mná ag an am.

 

Anuas air sin, tá scéalta óna laethanta ar stáitse agus léargas ar na páirt agus na léiriúcháin  is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi.

Sna seachtaintí atá amach romhainn beidh na haíonna éagsúla le cloisteáil ina measc:

07 Nollaig 2017          Bríd Neachtain, aisteoir

14 Nollaig 2017           Donncha Crowley, aisteoir

21 Nollaig 2017            Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir

28 Nollaig  2017            Cathal Poirtéir, craoltóir agus údar

Tá Nótaí Cainte léirithe agus curtha i láthair ag Jane Farley.

Beidh sé le cloisteáil gach Déardaoin ón 30 Samhain- 28 Nollaig ar Raidió na Life idir 8-9pm agus beidh athchraoladh le cloisteáil maidin Aoine idir 10-11am ar Raidió na Life 106.4FM.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn