Na Trioblóidí is ábhar do dhráma nua atá le craoladh ar Raidió na Life 

Le himeachtaí achrannacha sa Tuaisceart mar chúlbhrat, i dteach beag in Iarthar Bhéal Feirste sna seachtóidí, tá bean tí sáite idir dhá champa dainséarach ar Bhóthar na bhFál. Tá sí ag iarraidh a clann a choinneáil slán, ach tá uirthi dul i ngleic le fórsaí cumhachtacha.

Craolfar an dráma nua-scríofa ‘An Cor Nach gCastar’ ar Raidió na Life ag 18:00, Dé hAoine 31 Bealtaine agus athchraolfar é ag 19:00, Dé Sathairn 1 Meitheamh.

Ó pheann an scríbhneora Feirstigh, Réaltán Ní Leannáin, is dráma léirsteanach agus dúghrinn é ‘An Cor nach gCastar’ a chíorann an scéal daonna agus scéal na mban go háirithe, i dtréimhse eisceachtúil i dTuaisceart na hÉireann.

Ag glacadh páirte sa dráma, tá Máire Zepf, Seán Ó Muireagáin, Seán Mac Seáin, Kilian Zepf agus Séan Ó Meallaigh. Ina dteannta, tá aisteoirí óga ó Amharclann Aisling Óg i mBéal Feirste; Grace McElroy, Áine McCavana agus Ella Hughes.

Is athshamhlú agus nascadh é an dráma idir cúpla scéal as an gcnuasach ‘Dílis’, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht i 2016. Is le tacaíocht ón scéim Fuaime agus Físe de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an clár seo, leis an táille ceadúnas teilifíse.

04_BAI Logo Only Green

Beo anois!
Tada le cloisint faoi láthair.
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn