Meon na mBan agus an Slua Rua ar ais ar Raidió na Life

Beidh Brónagh Ní Chuilinn agus Emma Ní Chearúil ag tabhairt faoin gclár “Meon na mBan leis an Slua Rua” chuile Mháirt 8-9in.

Fillfidh Brónagh Ní Chuilinn (RTÉ) agus Emma Ní Chearúil (Raidió na dTreabh) ar Raidió na Life don chéad uair le dhá bhliain anuas le leagan nua den chlár Meon na mBan, clár bríomhar dírithe ar mhná.

Clár uair a chloig a bheidh á chur i láthair acu, le cúnamh léirithe ó Chlár Reachtaire Raidió na Life Niamh Ní Shúilleabháin.

Déanfar plé ar chúrsaí reatha, scéalta nuachta agus neart eile, le painéil ban agus aíonna speisialta chuile sheachtain. Díríonn an clár ar shaol na mban, na héachtaí atá á mbaint amach acu agus na tuairimí atá acu mar gheall ar chúrsaí anseo in Éirinn agus fud fad na cruinne.

Chuile sheachtain beidh scéalta móra na seachtaine, agallamh le haoi speisialta, díospóireacht nó comhrá idir na láithreoirí nó le painéal, agus beidh ceol le mná Éireannacha á chasadh ar an gclár.

Éistigí le Meon na mBan leis an Slua Rua ar Raidió na Life, 106.4FM nó ar líne, chuile Mháirt óna h8in – 9in ón 16ú Eanáir ar aghaidh.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn