Láithreoirí nua ar an mBricfeasta Blasta

Cuirígí fáilte mhór chroíúil roimh ár láithreoirí nua Róisín Ní Mhaoláin agus Ian MacGabhann.

Beidh Róisín agus Ian le cloisteáil gach Aoine ar an mBricfeasta Blasta, idir 8-9r.n. as seo amach.  Cuirfidh siad tús leis an lá le scéalta nuachta, cúrsaí reatha, moltaí na seachtaine, ócáidí na cathrach agus neart eile.  Cuirfear fáilte roimh iarratais cheoil freisin, agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar an líne téacs 086 600 1064, nó iarratais a chur chucu ar Twitter @raidionalife leis an hashchlib #BricBlasta.

Thosaigh Ian ag craoladh leis an stáisiún cúpla bliain ó shin, nuair a chuir sé An Meangadh Beag i láthair, chomh maith le clár ceoil lena chomhláithreoir Matt Ó Baoill.  Bíonn Róisín le cloisteáil go minic ar an gclár Meon na mBan (gach Luan ag 8i.n.).  Tá an bheirt acu ag obair i saol na Gaeilge. Táimid ag tnúth go mór le bheith ag obair leo as seo amach.

Is féidir a gcéad chlár a chloisteáil ar Soundcloud anois.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ailbhe Ní Riain
Is DJ raidió í Ailbhe Ní Riain a bhíonn ag casadh tiúineanna leictreonacha, ailtéarnacha agus uirbeacha chuile seachtain ar Mheangadh Mór na Céadaoine. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn