Ian Mac Consaidín imithe ar shlí na fírinne

Tá Ian Mac Consaidín, ball de Bhord Stiúrtha Raidió na Life, imithe ar shlí na fírinne.

Iar-stáitsheirbhíseach, a chaith triocha bliain ag obair leis na Coimisineirí Ioncaim ag plé le cúrsaí dlí cáin ioncaim, bhí Ian ina Chisteoir ar Bhord Stiúrtha Raidió na Life. D’oibrigh Ian freisin sa Roinn Tionscail agus Tráchtála, áit a fuair sé eolas is cleachtadh i nDlí na gCuideachtaí, dlí na bpaitinní is trádmharcanna. Roimhe sin d’oibrigh sé mar fhear bus i mBermingham an samhradh tar éis na hArdteiste, áit a bhfuair sé eolas ar cheol traidisiúnta a bhí ag borradh i gclubanna beaga sa chathair sin ag an am sin. Bleá Cliathach, chuaigh sé go dtí scoil náisiúnta logánta is go Coláiste Mhuire, Cearnóg Parnell ina dhiaidh sin. Rinne sé céim BA sa Ghaeilge agus san Eacnamaíocht i UCD. Ba bhall de Chonradh na Gaeilge é is chomhbhunaigh sé Craobh Uí Bheacháin. Bhí baint aige le Radio Capitol, stáisiún beag bradach, áit ar chuir sé clár ceoil thraidisiúnta i láthair gach seachtain. Bhí Ian ina éisteoir raidió ó bhí sé óg agus bhí an-spéis aige i gcúrsaí craoltóireachta.

Fuair Ian bás ar an 22ú Nollaig, tar éis tinnis ghairid. Cuireadh é ar 29ú Nollaig i Reilig Ghlas Naíon. Guíonn Bainistíocht, Bord agus Foireann Raidió na Life suaimhneas síoraí dó agus guímid sólás ar a bhean chéile Denise agus ar a mhuintir ar fad.

Ian Mac Consaidín R.I.P. 16/06/1947 – 22/12/2017

Suaimhneas síoraí dá anam.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn