Dráma dúghrinn nua ó pheann Phóil Uí Mhuirí le craoladh ar Raidió na Life

Éire san am atá le teacht. Tá an téamh domhanda i ndiaidh scrios a dhéanamh ar an tír. Tá mórán de na ceantair thraidisiúnta Ghaeltachta scriosta. Tá an tír plódaithe de bharr daoine bheith ag teitheadh as a dtíortha féin fud fad na cruinne. Ach tá fear amháin ann atá ag iarraidh a shaol cultúrtha a choinneáil slán: Frank Frankie Rua.

Dráma raidió mealltach ó pheann Phóil Uí Muirí is ea ‘Heileó Houston!’, a thugann aghaidh ar cheisteanna timpeallachta agus teanga ar dhóigh úrnua samhlaíoch. Craolfar an dráma Dé Luain 6ú Bealtaine ag 14:30 agus athchraolfar é Dé Máirt 7ú Bealtaine ag 20:00.

Ag glacadh páirte sa dráma, tá Diarmuid de Faoite, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Deirdre Learmont agus Mícheál Ó Gruagáin. Cathal Póirtéir a bhí i mbun léiriúcháin agus Fearghal Saxe a bhí i mbun eagarthóireachta.

Is le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an clár seo, leis an táille ceadúnas teilifíse.

 

04_BAI Logo Only Green

 

Beo anois!
Tada le cloisint faoi láthair.
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn