Tá áthas ar Raidió na Life a fhógairt go gcuirfear tús le clár úr ar an stáisiún, Glórtha Gleoracha, Dé Sathairn 19 Lúnasa.
Is clár ceoil é ‘Glórtha Gleoracha’ a chasann réimse ceoil ghuthúil ón Athbheochan suas go dtí an lá atá inniu ann gach Dé Sathairn ag a 2 a chlog.
Is é Kevin Boushel atá mar láithreoir ar an gclár. Is as Baile Átha Cliath é Kevin Boushel agus thosaigh sé ag canadh le cóir agus é 12 bliana d’aois. Chuaigh a ghrá don cheol a cappella ó neart go neart ina dhiaidh sin.
Chan sé le Cór Airgeal Ollscoil Mhá Nuad i Meiriceá, sa tSín agus ar fud Éireann agus chan sé ar BBC One leis an ngrúpa cheol bearbóirí The Ramparts.
Bíonn rogha ceoil clasaiceach, pop, bearbóirí, gaspal, a cappella, nua-aimseartha agus roinnt seánraí eile le cloisteáil ar an gclár.
Déanfar plé ar stíleanna, cumadóirí agus grúpaí ceoil éagsúla i rith an chláir. Bíonn béim faoi leith curtha ar an gceol guthúil in Éirinn agus déantar tuairisc ar cheolchoirmeacha agus eisiúintí nua in Éirinn.
Bí ag éisteacht le Glórtha Gleoracha ar Raidió na Life 106.4FM gach Satharn ag 2pm.