Gaelscoileanna á gceiliúradh ar Raidió na Life!

Craolfar sraith nua darbh ainm ‘Mo Ghaelscoil’ ar Raidió na Life idir an 21ú Samhain agus 7ú Nollaig. Craolfar dhá eagrán den chlár speisialta seo gach seachtain, Dé Céadaoin agus Dé hAoine ag a 11:00 r.n.

Thar tréimhse dhá bhliain, chuaigh foireann léiriúcháin ó Raidió na Life ar camchuairt go sé gaelscoileanna fud fad Bhaile Átha Cliath, ag reáchtáil ceardlanna raidió agus ag taifeadadh na gclár spraíúil seo. Bhí deis ag na páistí scileanna nua a fhoghlaim agus tugann an tsraith raidió seo ardán dóibh scéal a nGaelscoil féin a insint ina nguthanna féin.

Na gaelscoileanna a ghlac páirt sa sraith ná Gaelscoil Bhaile Munna, Gaelscoil an Chuilinn, Gaelscoil Chluain Dolcáin, Gaelscoil Thaobh na Coille, Lios na nÓg agus Scoil Chaitlín Maude. Chuir gach gaelscoil a stampa féin ar a n-eagrán féin sa sraith seo, ag tabhairt blaiseadh den atmaisféar ina scoil don lucht éisteachta.

Leis na páistí ag cur agallamh ar na múinteoirí agus scoth an cheoil agus na drámaíochta le cloisteáil, léiríonn na cláir seo an borradh atá tagtha ar an nGaelscolaíocht san ardchathair agus talann agus samhlaíocht an ghlúin óig!

Craolfar na cláir ar Raidió na Life ar na dátaí seo a leanas, ag a 11:00 ar maidin:

  • Dé Céadaoin 21 Samhain: Gaelscoil Lios na nÓg
  • Dé hAoine 23 Samhain: Gaelscoil Chluain Dolcáin
  • Dé Céadaoin 28 Samhain: Gaelscoil Bhaile Munna
  • Dé hAoine 30 Samhain: Gaelscoil an Chuilinn
  • Dé Céadaoin 5 Nollaig: Scoil Chaitlín Maude
  • Dé hAoine 7 Nollaig: Gaelscoil Thaobh na Coille

Judy-Meg Ní Chinnéide a léirigh an tsraith agus a bhí i mbun na gceardlanna a reáchtáil sna scoileanna, in éindí le hAonghus Ó Lochlainn agus Pádraig Ó Conghaile. Judy-Meg Ní Chinnéide agus Fearghal Saxe a bhí i mbun eagarthóireachta. Tá an tsraith maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse. Is é Foras na Gaeilge a thugann formhór a chuid maoinithe do Raidió na Life.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gclár déan teagmháil le:

Judy-Meg Ní Chinnéide, Léiritheoir ‘Mo Ghaelscoil’ ag 01 6616333 nó judy.meg@raidionalife.ie

SV_IrishLogo_2Col _72353486_foras_beag_4

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn