Folúntais: Láithreoirí fuinniúla á lorg do chláir ar Raidió na Life

Tá Raidió na Life ag cur Sceideal an tSamhraidh le chéile agus tá folúntais sa stáisiún i láthair na huaire do láithreoirí ar chláir éagsúla.

Tá na folúntais oscailte dóibh siúd atá ag obair linn cheana féin mar oibrithe deonacha agus do dhaoine nua ar suim leo triail a bhaint as a bheith ar an aer don chéad uair mar oibrí deonach.

Láithreoir- An Meangadh Beag ( 3.30-4.30pm) Luan- Aoine (lá sa tseachtain)

Seó ceoil don chuid is mó, le beagáinín cainte, is ea An Meangadh Beag. Craoltar An Meangadh Beag óna 3:30 go dtí na 4:30 gach lá ón Luan go dtí an Aoine, le láithreoir éagsúil os comhair an mhicreafóin gach lá. Pop-cheol agus rac-cheol don chuid is mó a bhíonn le cloisteáil ar an gclár.

Láithreoir An Meangadh Mór (4.30-6.00pm) Luan -Aoine (Lá sa tseachtain)
Seó am tiomána Raidió na Life is ea An Meangadh Mór atá á chraoladh ar an stáisiún ón Luan go dtí an Aoine ó 4:30 i.n. go dtína 6 i.n. ó bhlianta tosaí an stáisiúin.
Bíonn nuacht, tráchteolas, scoth an cheoil agus go leor eile le cloisteáil ar an gclár, a chuireann láithreoir éagsúil i láthair chuile lá.

Láithreoir ar an irischlár Fios Feasa- Déardaoin
Is clár cainte atá i gceist le Fios Feasa agus bíonn sé á chraoladh idir 8 – 9 i.n. i rith na seachtaine.  Cuirtear béim ar cúrsaí ealaíne, imeachtaí cultúrtha, ceoil agus féilte ar an gclár agus bíonn an láithreoir ag obair le Clár Reachtaire an stáisiúin Niamh Ní Shúilleabháin ag cur an clár le chéile.

Is deis iontach é do dhaoine gur spéis leo foghlaim conas tabhairt faoi chlár raidió agus cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge ag an am céanna!

Cuirfear traenáil ar fáil agus níl gá le haon taithí a bheith agat roimhe seo.

Iarratais:
Má tá spéis agat féin nó aithne agat ar dhuine le suim ann déan teagmháil linn ag eolas@raidionalife.ie nó cuir scairt ar 01-6616333.
Tá oifigí Raidió na Life lonnaithe i lar na cathrach ar 63 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1

Cuireann Raidió na Life fáilte  i gcónaí roimh smaointí do chláir úra agus anuas air sin ó dhaoine ar suim leo taithí a fháil mar thuairisceoir, thaighdeoir nó mar chraoltóir. Déan teagmháil linn agus pléifear na deiseanna éagsúla leatsa.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn