Dhá ainmniúchán ag Raidió na Life do Ghradaim na Meán Ceilteach 2017

 

Tá ríméad ar fhoireann Raidió na Life a fhógairt go bhfuil siad ainmnithe ar ghearrliosta ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ do Ghradaim na Meán Ceilteach 2017, a tharlóidh i mbliana i nDubhghlas Oileán Mhanainn idir an 3ú – 5ú Bealtaine. Ábhar mórtais mhór don stáisiún an t-ainmniúchán atá faighte freisin ag a gclár bricfeasta An Bricfeasta Blasta i rannóg ‘Irischlár na Bliana’.

 

Arsa Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life:

 

“Táimid thar a bheith bródúil as an dá ainmniúcháin seo a fháil inniu. Is éacht a bheith ainmnithe taobh le taobh le fathaigh mhóra na craoltóireachta Cheiltigh – ár gcairde i RTÉ Raidió na Gaeltachta agus scata mór stáisiúin réigiúnacha an BBC – BBC Radio Ulster, Radio Foyle, Radio Scotland, Radio Wales, Radio Cymru agus Radio nan Gàidheal. Ar ndóigh tá buiséid na milliúin Euro agus foirne mhóra taobh thiar de na stáisiúin úd, áit gur foireann bheag bídeach de chúigear agus buiséad an-bheag atá taobh thiar de Raidió na Life. Táimid thar a bheith, thar a bheith bródúil inniu.”

 

“An rud atá chomh hiontach is chomh spleodrach sin faoi Raidió na Life ná an fhoireann fuinniúil díograiseach atá againn, na héisteoirí dílse a thacaíonn linn, agus an dream thar a bheith speisialta sin a choinníonn an stáisiún ar aer – na craoltóirí deonacha ar fad a oibríonn linn saor in aisce. Ba mhaith liomsa buíochas speisialta a ghabháil go háirithe leis an bhfoireann agus leis na hoibrithe deonacha as na hainmniúcháin seo a bhaint amach.”

 

“Ba mhaith linn comhghairdeachas speisialta a dhéanamh inniu chomh maith lenár gcairde i Raidió Fáilte i mBéal Feirste, stáisiún a reáchtáiltear cuid mhór mar an gcéanna linn féin, as ucht a n-ainmniúchán do Stáisiún Raidió na Bliana fosta.”

 

Arsa Niamh Ní Shúilleabháin, Clár Reachtaire Raidió na Life agus Láithreoir is Léiritheoir An Bricfeasta Blasta:

 

“Tá foireann mhór dheonach ag obair ar An Bricfeasta Blasta gach aon lá. Bíonn na comhláithreoirí Aindriú de Paor, Oisín Mistéil, Laura Gaynor agus Niamh Ní Chadhla linn ar laethanta éagsúla i rith na seachtaine agus tuairisceoirí rialta ó mheitheal saorálaithe Raidió na Life a chabhraíonn linn clár bríomhar siamsúil a chur ar fáil don bpobal éisteachta anseo sa phríomhchathair gach maidin.”

 

“Is éard atá ar bun againn ná rogha eile a chur ar fáil don bpobal éisteachta, ina bhfuil treochtaí úra, ábhar cainte ón idirlíon agus an saol sa chathair á bplé i mbealach fuinniúil spleodrach a léiríonn cé chomh bríomhar is atá pobal uirbeach na Gaeilge sa príomhchathair.”

 

Bíonn An Bricfeasta Blasta le cloisteáil ar Raidió na Life Luan-Aoine idir 8-9 r.n.. Más mian leat an clár a leanúint ar na meáin shóisialta bain úsáid as an haischlib #Bricblasta

 

Tá liosta iomlán na n-ainmniúchán do Ghradaim na Meán Ceilteach 2017 le feiceáil anseo.

 

Tá fáil ar Raidió na Life ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath, beo ar www.raidionalife.ie agus ar an aip An Seinnteoir Raidió.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn