Deiseanna- Sceideal an Earraigh

 

Fios Feasa (Láithreoirí)

Faoi láthair tá Raidió na Life ag cur Sceideal an Earraigh le chéile agus tá folúntais sa stáisiún i láthair na huaire do láithreoirí ar an gclár Fios Feasa gach Déardaoin.

Is clár cainte atá i gceist le Fios Feasa agus bíonn sé á chraoladh idir 8 – 9 i.n. i rith na seachtaine.  Cuirtear béim ar cúrsaí ealaíne, imeachtaí cultúrtha, ceoil agus féilte ar an gclár agus bíonn an láithreoir ag obair le Clár Reachtaire an stáisiúin Niamh Ní Shúilleabháin ag cur an clár le chéile.  Is deis iontach é do dhaoine gur spéis leo foghlaim conas tabhairt faoi chlár raidió. Cuirfear traenáil ar fáil agus níl gá le haon taithí a bheith agat roimhe seo.

Má tá spéis agat féin nó aithne agat ar dhuine le suim ann déan teagmháil linn ag eolas@raidionalife.ie nó cuir scairt ar 01-6616333.

 

Clár Cainte nua (Taighdeoir)

Tá taighdeoir de dhíth do chlár nua faisnéise ina mbeidh léargas le fáil ar phearsantachtaí móra ó phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Cuirfear tús le léiriú na sraithe i mí Feabhra. Má tá spéis agat páirt a ghlacadh sa tionscadal raidió seo, cuir ríomhphost chuig niamh@raidionalife.ie.

Cláir chainte

Cuirimid fáilte i gcónaí roimh smaointí do chláir chainte nua ar Raidió na Life. Más ea go bhfuil smaoineamh/ coincheap/scéal maith le hinsint agat, déan teagmháil linn anseo. Déan teagmháil linn ag eolas@raidionalife.ie nó cuir scairt ar 01-6616333.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Sceideal
Sceideal Iomlán...
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn
Imeachtaí amach romhainn
Féach gach imeacht