Daithí mar chomhláithreoir ar Raidió na Life

Tá ríméad orainn go mbeidh an ceoltóir cailiúil Daithí linn mar chomhláithreoir ar an Meangadh Mór le hAingeal Nic Aodha, Déardaoin 25 Bealtaine idir 4.30-6pm.

Seó am tiomána Raidió na Life is ea An Meangadh Mór atá á chraoladh ar an stáisiún ón Luan go dtí an Aoine ó 4:30 i.n. go dtína 6 i.n. ó bhlianta tosaí an stáisiúin.

Bíonn nuacht, tráchteolas, scoth an cheoil agus go leor eile le cloisteáil ar an gclár, a chuireann láithreoir éagsúil i láthair chuile lá.

Tá cáil ar Dhaithí as an gceol leictreonach atá cumtha aige féin agus is minic go mbíonn scoth na n-amhránaithe ag comhoibriú leis.

Bhain sé dhá ainmniúchán náisiunta amach ag na  Gradaim Choice,  do na hamhráin, Chameleon Life agus Mary Keane’s Introduction agus bíonn sé le cloisteáil go minic ar chláracha Raidió na Life.

Tá Gaeilge mhaith ag Daithí agus tá sé ar dhuine de na ceoltóirí óga is mó sa tír faoi láthair! Táimid ar bís!

Éist le ar Raidió na Life 106.4Fm, ar an aip An Seinnteoir Raidió nó ar líne ar Raidionalife.ie

 

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn