Craoladh seachtrach ó Ollscoil Mhá Nuad

Tugann Raidió na Life cuairt ar Mhá Nuad mar chuid dá sceideal imeachtaí speisialta do Sheachtain na Gaeilge 2017!

Fillfidh Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life ar an Ollscoil arís amárach agus é mar chomh-láithreoir ar eagrán speisialta don gclár Fios Feasa a bheidh le taifeadadh  in Ollscoil Mhá Nuad mar chuid den gceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge san ollscoil.

Ina theannta leis don gclár speisialta seo mar chomhláithreoir, beidh Leas-Uachtarán / Runaí Chuallacht na Gaeilge, Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill.

Beidh an clár le taifeadadh i Seomra na Gaeilge i bhFoirgneamh na n-Ealaíon in Ollscoil Mhá Nuad idir 1-2pm ar an Máirt 07 Márta 2017.

Bí ag súil le scéalta ó shaol na hollscoile, léargas ar an scéim chónaitheach agus tuiscint a fháil ar an gcumann is bríomhaire in Ollscoil Mhá Nuad.

Anuas air sin, beidh spraoi ag an lucht féachana leis an tráth na gceist beo, An Gaeilgeoir is fearr. Sin agus beidh ceol den chéad scoth le cloisteáil ó Chumann Traidisiúnta Ollscoil Mha Nuad.

Beidh an clár seo le taifeadadh mar chuid de shraith chraoltaí seachtracha ag Raidió na Life ó na hollscoileanna lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird. An tseachtain seo caite, craoladh clár speisialta ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus craolfar clár speisialta ó Choláiste na Tríonóide an tseachtain seo chugainn.

Craolfar an clár speisialta seo ar Raidió na Life 106.4FM ar an Déardaoin, 09 Márta idir 8-9pm.

 

 

 

 

 

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn