Cóisir Nollag Raidió na Life

Tá áthas ar Raidió na Life a fhógairt go mbeidh Cóisir Nollag Raidió na Life 2017 ar siúl sa Workmans ar 10 Cé Wellington ar an Aoine, 15 Nollaig óna 7.30pm ar aghaidh. Tá an chóisir á réachtáil i gcomhpháirt le Gardiner Music.

Beidh dhá bhanna iontach ar stáitse ar an oíche, Kiruu agus Nocturnes agus beidh neart ceoil ó DJanna an stáisiúin, Aingeal Nic Aodha agus ó Sam Keenan mar aon le comhluadar is craic den scoth! Ní bheidh a leithéid arís ann a chairde agus tá fáilte roimh chách.

Beidh an ceolchoirm ar oscailt don bpobal agus beidh airgead á  bhailiú ar an oíche don gcarthanas tithíochta Daisy House . Cuireann Daisy House lóistín ar fáil do mhná gan dídean i mBaile Átha Cliath.

Beidh ticéid ar fáil don bpobal i gcoitinne ar €8 agus rachaidh an t-airgead  ar fad i dtreo Daisy House. Beidh na ticéid ar fáil ar líne ó Dice Ireland agus ar an doras.

Scaipigí an scéal a chairde, mar táimid ag súil leis an gCóisir Nollag is fearr sa chathair i mbliana!

Beo anois!
Tada le cloisint faoi láthair.
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn