Clár speisialta ó Choláiste na Tríonóide do Sheachtain na Gaeilge

Mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge ar Raidió na Life, craolfar clár speisialta ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Déardaoin, 16 Márta idir 8-9pm.

Is é Scott Mac an Rí atá mar phríomhláithreoir ar an gclár agus leis mar chomhláithreoirí beidh Eoin O’Hare agus Conn McCarrick le cloisteáil ar an gclár.

Tá na láithreoirí ar fad ag staidéar san ollscoil faoi láthair agus bhí an deis acu taifeadadh a dhéanamh ar imeachtaí Gaeilge san ollscoil agus labhairt le daoine éagsúla ón gCumann Gaelach agus ó shaol na hollscoile a bhíonn gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge.

Ar an gclár, cloisfear ó Áine Haberlin, Reachtaire ar an  gCumann Gaelach TCD, Emmet de Barra agus Caolán Mac Grianna, mic léinn san ollscoil.

Anuas air sin, tabharfar léargas ar an scéim chónaithe san ollscoil agus cloisfear ó Eleanor Rutherford, meantóir sa Scéim Chónaithe agus ó Philip McGuinness, Bill Walsh agus Eada Hogan atá páirteach sa scéim chónaithe.

Leis, beidh cur síos ar obair na Roinne Gaeilge ó Eoin Mac Carthaigh,  Léachtóir Nua-Ghaeilge agus cloisfear ó John Coman, Rúnaí Coláiste na Tríonóide agus Aonghus Dwane, Oifigeach na Gaeilge TCD

Tá an clár seo le craoladh ar Raidió na Life mar chuid de shraith ó na hinstitiúidí oideachais atá lonnaithe sa cheantar máguaird. Ar 09 Márta, craoladh clár speisialta ó Ollscoil Mhá Nuad agus ar 02 Márta, bhí clár speisialta ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn