Ceiliúradh ar Lá Náisiúnta Raidió Pobail 2018 ar Raidió na Life

Beidh Raidió na Life ag ceiliúradh Lá Náisiúnta Raidió Pobail 2018 ar an Aoine bheag seo, 22 Meitheamh 2018 le sceideal lae níos mó beartaithe agus beidh comórtais agus tuairiscí le cloisteáil ónar dtuairisceoirí ó fud fad na tíre ó stáisiúin raidió pobail atá mar chuid den líonra CRAOL.

Is é seo an ceathrú bliain as a chéile go bhfuil an ócáid ar siúl agus tugann sé aird ar obair na stáisiún raidió pobail fud fad na tíre.

Beidh Raidió na Life i lár an aonaigh agus is é an chéad bhliain don stáisiún a bheith craoladh ón stiúideo nua ar Shráid Amiens don ócaid. Cuirfear tús go luath ar maidin don gceiliúradh agus craolfar eagrán dhá uair a chloig don gclár An Bricfeasta Blasta le Niamh Ní Shúilleabháin agus Niamh Ní Chadhla idir 08:00- 10:00. Beidh aíonna speisialta, comórtais agus agallaimh ó chraoltóirí agus ó ionadaithe ó eagrais phobail i mBaile Átha Cliath le cloisteáil ar an gclár chomh maith leis an gcaint bríomhar agus spraoi a bhíonn le cloisteáil ar an gclár gach maidin.

Anuas air sin, beidh irischlár speisialta, “Beo ón ardchathair” le Cóilín Ó Dubhthaigh (12:00-13:00) agus beidh clár ceoil speisialta ag Ola Majekodunmi (14:00-15:00) ina mbeidh an bhéim ar cheol Éireannach agus beidh agallaimh ann le ceoltóirí. Anuas air sin, fillfidh Aindriú Mac an Rí (15:30-16:30) agus beidh clár ar leith aige siúd ag díriú ar amhráin Ghaeilge agus na bannaí is mó a bhíonn ag seinm trí mheán na Gaeilge.

Tá tacaíocht faighte againn ó gnólachtaí áitiúla agus beidh comórtais i rith an lae chomh maith agus dearbháin ón mbialann mór le rá, Bunsen le buachan chomh maith le ticéid don bhféile Bluesfest agus an deis dul ag ziplíneáil le Zipit i sléibhte Bhaile Átha Cliath!

Anuas air sin, cloisfear gearthóga fuaime a thugann léargas ar an gcraoltóireacht raidió pobail ar fud na cruinne gach uair a chloig i rith an lae ar Raidió na Life.
Sceideal Sealadach na gClár Lá Náisiúnta Raidió Pobail

08:00-10:00 An Bricfeasta Blasta le Niamh Ní Shúilleabháin agus Niamh Ní Chadhla
10:00-11:00 An Spota Dubh le Carthach Breathnach agus Cian Ó Griallais
11:00-12:00 Gan Teorainn ó Flirt FM **
12:00-13:00 Beo ón Ardchathair: le Cóilín Ó Dubhthaigh
13:00-14:00 Scoth na Seachtaine **
14:00-15:00 Eagrán speisialta do An Seinnliosta le Ola Majekodunmi
15:00-15:30 Pobal Gaeilge ó Chluain Dolcáin
15:30-16:30 Eagrán Speisialta don Meangadh Beag le Aindriú Mac an Rí
16:30-18:00 An Meangadh Mór
18:00-19:00 Gan Teorainn le Sam Keenan
19:00-24:00 Gnáthsceideal

Tá Raidió na Life mar bhall don scátheagras Craol agus ar an lá, seolfar feachtas náisiúnta nua chun rannpháirtíocht sa chraoltóireacht raidió pobail a mhéadú. Gach seachtain, bíonn thart ar 2000 saorálaí ag craoladh le stáisiúin CRAOL ar fud na tíre. Tá 20 stáisiún a bhfuil ceadúnas iomlán acu agus 30 stáisiún atá ag iarraidh ceadúnas lánaimseartha a bhaint amach.
Is féidir imeachtaí an lae a leanúint ar líne faoin haischlib #NationalCRDay agus coinnigh an raidió ar siúl ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath agus ar líne ar www.raidionalife.ie don scéal is déanaí.

Faoi Raidió na Life:

Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil & pobail ó 1993. Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais i bhfoirm deontais ó Fhoras na Gaeilge tríd an Scéim Raidió Pobail 2016-2018.

Tá foireann bheag de thriúr lánaimseartha fostaithe ag Raidió na Life, mar aon le beirt pháirtaimseartha.

Is ar bhonn deonach a oibríonn gach éinne eile sa stáisiúin, le idir 100 – 150 duine ag glacadh páirte in imeachtaí an stáisiúin chuile sheachtain. Tá Bord Stiúrtha deonach ag an stáisiún chomh maith.

Tá na mílte craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil i Raidió na Life le 25 bliain anuas, ina measc craoltóirí ard-aitheanta ar nós Sharon Ní Bheoláin (RTÉ News), Sinéad Crowley (RTÉ News), Aoibhinn Ní Shúilleabháin (RTÉ), Cormac Ó hEadhra (‘Cormac ag a 5’ RTÉ RnaG, ‘The Late Debate’ RTÉ Raidió 1 agus eile), Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Colm Ó Mongáin, Rónán Ó Muirthile (Láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk), Cearbhall Ó Síocháin (RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (Classic Hits 4FM), Darragh Ó Tuama (Newstalk) agus neart craoltóirí clúiteacha eile nach iad.

Tá cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte do réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i bpobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus aithnítear é freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil.

Tháinig Raidió na Life ar aer go lánaimseartha den chéad uair ar 25 Meán Fómhair 1993 agus beidh an stáisiún ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer in 2018, Bliain na Gaeilge.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn