Ceiliúradh ar Lá Éigse Éireann agus filíocht na Gaeilge

Déanfar ceiliúradh ar Lá Éigse Éireann agus filíocht na Gaeilge ar Raidió na Life ar an Déardaoin 27 Aibreán le clár speisialta uair a chloig ar fhad a bheidh á gcur i láthair ag an bhfile Ciara Ní E. Craolfar an clár idir 20:00-21:00 ar Raidió na Life 106.4FM.

Is é téama atá roghnaithe i mbliana ná ceangal na filíochta agus beidh an téama sin á gcíoradh ag na filí, Aifric Mac Aodha agus Caitríona Ní Chléirchín. Cloisfimid faoin mbealach ina mbíonn siad ag scríobh, an spreagadh agus an ceangal atá acu le filíocht chomhaimseartha. Agus gan dabht, beidh léamh filíochta le cloisteáil ar an aer.

Is í Éigse Éireann atá ag déanamh comhordú ar na himeachtaí náisiúnta arís agus cloisfimid ó Jane Holland, Oifigeach Oideachais le hÉigse Éireann faoi imeachtaí an lae agus an obair atá ar bun ag an eagraíocht.

Ar an gclár, cloisfimid taifeadtaí speisialta ón oíche cheiliúrtha ar Lá Idirnáisiúnta na mBan a tionóladh i Teach an Ardmhéara ar 08 Márta. Beidh dánta le cloisteáil ón bhfile iomráiteach Biddy Jenkinson agus chomh maith leis sin, cloisfimid ó Áine Durkin atá ag obair ar chnuasach filíochta nua faoi láthair.

Cén ceangal atá ag an óige le filíocht? Fillfidh ár dtuairisceoir Meadhbh Sincléir ar ais ar an meánscoil arís le plé a dhéanamh le Caoimhe Ní Bhraonáin agus Ella Hudson atá san idirbhliain faoi láthair agus cloisfimid ó Zara de Bláca, múinteoir Gaeilge ó Ghaelcholáiste de hÍde i dTamhlacht faoin gcineál filíochta atá á múineadh sna scoileanna anois.

Is file agus scríbhneoir iomráiteach í Ciara Ní Éanacháin a bheidh mar láithreoir ar an gclár speisialta seo. Sa bhliain 2012, chuir sí tús leis an leathanach Memes na Gaeilge ar Facebook. Bíonn sí ag scríobh go rialta don iris Nós agus bhunaigh sí an oíche filíochta mhíosúil i mBaile Átha Cliath ‘Reic’, ina mbíonn filíocht, amhráin agus rapcheol trí mheán na Gaeilge. Cuireann sí an clár cainte seachtainiúil, Meon na mBan i láthair gach Céadaoin ar Raidió na Life.

Tá an clár léirithe ag Clár Reachtaire Niamh Ní Shúilleabháin agus is í Meadbh Sincléir atá mar chúntóir léiriúcháin agus tuairisceoir ar an gclár.

Tá tuilleadh eolas ar fáil maidir le Lá Éigse Éireann agus an lá náisiúnta filíochta ar http://www.poetryireland.ie/

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn