Bás tobann is ábhar do dhráma nua atá le craoladh ar Raidió na Life

Nuair a thagann iascairí i mBinn Éadair ar chorpán fir san fharraige, cuirtear fios ar na Gardaí mar is gnách, ach ní haon ghnáth-chorpán atá ann. Sa dráma comhaimseartha ‘Teachtaireachtaí Iar-Bháis’, tugtar an éisteoir ar thuras mistéireach le bleachtaire stuama agus é ag iarraidh an fhírinne a aimsiú faoi bhás craoltóir clúiteach. Craolfar an dráma Dé Céadaoin 20ú Feabhra ag 20:00 agus athchraolfar é ag 10:00 Dé Satharn 23ú Feabhra.

Ó pheann Chathal Póirtéir, is dráma lán le rúin agus tragóid é ‘Teachtaireachtaí Iar-Bháis’ agus é ag leanúint traidisiúin an seánra bleachtaireachta.

Ag glacadh páirte sa dráma, tá na haisteoirí Sinéad Ni Uallacháin, Carrie Crowley, Áine Ní Ghlinn agus Con Ó Tuama. Ba é an craoltóir Cathal Póirtéir a scríobh agus a léirigh é. Judy-Meg Ní Chinnéide a bhí mar léiritheoir feidhmiúcháin ar son Raidió na Life. Fuair an tsraith maoiniú ó scéim Fuaim & Fís Údarás Craolacháin na hÉireann.

 

Beo anois!
Tada le cloisint faoi láthair.
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn