Bí linn do chraoltaí beo ó Oireachtas na Samhna 2018

Bí linn do chraoltaí beo ó Oireachtas na Samhna 2018

Beidh Raidió na Life ag dul amach as an stiúideo le cuairt a thabhairt ar Chill Áirne do shraith craoltaí seachtracha beo a chraolfar  ó Oireachtas na Samhna 2018 i gCill Áirne.

Beidh an deis ag éisteoirí páirt a ghlacadh sna craoltaí seachtracha a bheidh ar siúl sa “Nead” ó Óstán an Gleneagle ar an Aoine 02 Samhain agus ar an Satharn 03 Samhain 2018.

Craolfar “Bróinse na Féile” beo ar an Aoine, 02 Samhain idir 12.00-14.00 p.m. ón Nead. Comhchraoladh a bheidh ann le Raidió Fáilte agus beidh agallaimh ann le rannpháirtithe agus iomaitheoirí sna comórtais chomh maith le plé ar na scéalta nuachta is mó ag Oireachtas na Samhna 2018.

Anuas air sin, ar an Satharn 03 Samhain, craolfar eagrán speisialta do “Iarnóin”, clár cúrsaí Reatha, curtha i láthair ag Barra Mac Aodh Bhuí. Beidh Iarnóin le cloisteáil idir 12.30-13.30 p.m. beo ón Nead in Óstán an Gleneagle I gCill Áirne.

Bí linn don Spraoi ar fad, beo ar 106.4FM, ar line ar www.raidionalife.ie agus ar an Aip An Seinnteoir Raidió

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn