Clár Speisialta ar Oíche Chultúir 2017

Seo chugainn Oíche Chultúir, ceann de na hoícheanta is spleodraí agus is speisialta i mBaile Átha Cliath.

Cas an raidió ar siúl do  clár speisialta beo ó Ionad Joyce ar Shráid Seoirse Thuaidh ar Oíche Chultúir i gcomhpháirt le stáisiúin raidió pobail Bhaile Átha Cliath. Craolfar an clár speisialta idir 6-7.30 pm ar Raidió na Life 106.4FM.

Tá an clár speisialta léirithe ag Near FM le tacaíocht ó Raidió na Life agus Phoenix FM.

Ar an gclár beidh tuairisc cuimsitheach ar imeachtaí na hoíche agus cloisfear ó aíonna móra le rá agus ó ealaíontóirí atá lonnaithe san ardchathair.

Beidh an t-údar Eilís Ní Dhuibhne i láthair agus í i mbun cainte ar an ngaol idir an Ghaeilge agus Joyce. Cloisfimid ó Neil Mulligan ó na Píobairí Uilleann agus beidh ceol beo ó Rónán Ó Snodaigh agus Kiruu.

Anuas air sin, beidh tuairisc ag Niamh Ní Shúilleabháin , Clár Reachtaire Raidió na Life ó cheanncheathrú Bhanc Ceannais na hÉireann atá ag glacadh páirte san ócaid don chéad uair leis. Beidh sí ag fiosrú an nasc idir an ailtireacht agus cultúr sa foirgneamh nua de chuid an Bhainc ar an taobh ó thuaidh den Life.

Díreach I ndiaidh an chláir, beidh Sam Keenan ar ais sa stiúideo i gCearnóg Mhuirfean don dara eagrán dá chlár nua, Gan Teorainn, a bheidh ar siúl óna 7.30- 9pm go speisialta I gcomhair Oíche Chultúir.

Bígí linn don gcraoladh speisialta seo ar cheann de na hoícheanta is deise sa bhliain.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn