Thosaigh Sam le Raidió na Life i mí Mheithimh 2013. Faoi láthair, tá Sam ina láithreoir ar An Meangadh Mór gach Luan. Bíonn meascán eicléicteach ceoil ó gach tréimhse le cloisteáil ar an gclár, le béim ar cheol ailtéarnach, ceol neamhspleách agus bannaí Éireannacha atá ag teacht chun cinn. Bíonn seisiúin le cloisteáil ó bhannaí ó am go chéile ar an gclár freisin.
Seo blas den cheol a bhíonn le cloisteáil ar an gclár ar Soundcloud.

Déanann Sam tuairisc Ceol sa Chathair ar an mBricfeasta Blasta gach maidin Chéadaoine – ag caitheamh súil chun tosaí ar cheolchoirmeacha agus imeachtaí na seachtaine. Déanann sé tuairiscí spóirt chomh maith, agus bíonn sé ag tuairisciú beo do Raidió na Life ó chluichí sacar idirnáisiúnta na hÉireann ag an staid Aviva.

Foilsithe 23 Meán Fómhair 2016

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn