Ruairí Mac Aodhagáin

Cuireann Ruairí Mac Aodhagáin An Meangadh Beag i láthair ar Raidió na Life gach Déardaoin. Beidh meascán aige de hamhráin is déanaí le bannaí agus amhránaithe Éireannacha agus thar lear chomh maith le cúpla sean-amhrán gur breá linn fós ar Súil Siar ar An Meangadh Beag, agus ag críochnú i gcónaí ar amhrán chun an meangadh beag sin a chur ar d’aghaidh! Cuireann Ruairí Léim Thart i láthair ar Raidió Rí-Rá Dé Luan-Aoine 4-6 freisin. Ta paisean mór aige don Ghaeilge agus baineann sé an-sult as a bheith ag craoladh trí Ghaeilge.

Is mac léinn in DCU é faoi láthair agus tá sé ar an gcoiste do Chumann Gaelach DCU. Is maith leis éisteacht le ceol Pop, chomh maith le go leor ceol R&B, Hip-Hop, Grime agus Ailtéarnach, bí ag súil le meascán dóibh seo a chloisteáil ar an gclár! Is ceoltóir é Ruairí le taithí 11 bliain ar an bpianó, 3 bliana ag scríobh/cumadh amhráin agus 3 bliana le ceol traidisiúnta. Tá sé ag féin-mhúineadh an giotár go mí-fhoighneach ach ní féidir leis Wonderwall a sheinm fós! Éist isteach leis ar (Déardaoin) ó 15:30-16:30 chun an chraic ar fad sa stiúdeó a chloisteáil!

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn