Tá Niamh ina clár reachtaire le Raidió na Life faoi láthair.

Is as tuaisceart chontae Chorcaí do Niamh, an t-aon mhuimhneach amháin atá ar fhoireann Raidió na Life faoi láthair. Tá sí ag cur fúithi sa phríomhchathair le hocht mbliana anuas agus roimhe seo bhíodh sí ag obair d’fhoilseacháin éagsúla agus mar eagarthóir ar shuíomhanna ghréasáin éagsúla. Bhain sí amach céim BCL Dlí agus Nua-Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh in 2006 agus ó shin i leith tá cáilíochtaí san iriseoireacht agus MA sa Ghaeilge Fheidhmeach bainte amach aici ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Thosaigh Niamh amach linn mar léitheoir nuachta sa stáisiún agus chaith sí seal mar láithreoir ar an irischlár Fios Feasa agus ar an gclár cúrsaí reatha, Scéal na Seachtaine. Mar chlár reachtaire, bíonn Niamh freagrach as taighde agus léiriú a dhéanamh ar fhormhór chláir chainte Raidió na Life.

Is í Niamh atá ina príomhláithreoir ar an gclár An Bricfeasta Blasta gach maidin idir 8-9am. Chomh maith leis sin cuireann sí an clár seachtainiúl, Scoth na Seachtaine i láthair.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Sceideal
Sceideal Iomlán...
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn
Imeachtaí amach romhainn
Féach gach imeacht