/ Maitiú de Hál
Maitiú de Hál
Bíonn Maitiú ina léitheoir nuachta ar na Cinnlínte Nuachta gach Máirt ar Raidió na Life. Is de bhunadh Rosa Thír Chonaill ó dhúchas é Maitiú de Hál. Is múinteoir staire is Gaeilge i gColáiste de hÍde, Tamhlacht, é agus tá cónaí air i mBaile Átha Cliath le ceithre bliana anuas.
Bíonn sé gníomhach ina cheantar chónaithe agus i bpobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá baint ghníomhach aige leis na Gaeil Óga le cúpla bliain anuas, chuir sé Club Óige Feachtas Thamhlachta ar bun anuraidh agus bhunaigh sé Scéim Scoláireachta an Chraoibhín ar éirigh léi cuidiú le nocha dalta dul chun na Gaeltachta i mbliana.
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Bí páirteach sa chomhrá ar Facebook
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt.
Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin.
Léigh níos mó