Tá Fiona ag craoladh le Raidió na Life le timpeall ocht mbliana anuas. Ag fás aníos, bhí suim ollmhór aici i gcursaí ceoil. Cuireann sí an Meangadh Mór i láthair gach Aoine. Nuair a thosaigh sí bhíodh go leor bannaí ag tabhairt cuairt uirthi sa stiúideo, ina measc The Hot Sprockets, David Kitt, RSAG, We Cut Corners, srl. Na laethanta seo, tá béim níos mó ar an gceol leictreonach. Is breá léi an seanfhocal, ‘An rud is anamh is iontach’ agus ní chloistear mórán den cheol a chloistear ar Mheangadh Mór Dé hAoine ar na gnáth-stáisiúin raidió tráchtála i mBaile Átha Cliath. Bronntanas do do chluasa, bígí léi gach Aoine óna 4:30 – 6 i.n.

 

Foilsithe 23 Meán Fómhair 2016

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn