Is as Lios Póil i gCorca Dhuibhne do Eva Ní Shúilleabháin. Chuaigh sí ar scoil go dtí bunscoil Chluain Curra i Lios Póil agus Meánscoil na Toirbhirte sa Daingean. Tá sí mar chomhláithreoir ar an gclár Scéal na Seachtaine ar Raidió na Life gach Déardaoin.
Tá Céim Baitsiléara sa Ghaeilge agus san Iriseoireacht (Onóracha) bainte amach aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Sular thug sí faoin gcéim san Iriseoireacht, bhain sí Céim Tráchtála (Onóracha) amach agus mar chuid den chéim sin, dhírigh sí isteach ar Theicneolaíocht na Faisnéise. Anuas air sin, tá Ard-Dioplóma san Anailís agus i nDearadh Córais Struchtúrtha (Onóracha) gnóthaithe aici freisin.
Bhí sí ag obair mar léiritheoir ar Scrogall TV i gCorca Dhuibhne le cúpla bliain. I láthair na huaire tá sí ag obair mar léiritheoir agus láithreoir ar Raidió na Life agus roimhe sin, d’oibrigh sí mar láithreoir ar Nuacht DCU agus DCUFM.