Bhain Emma céim amach sna Meáin Chumarsáide ó Ollscoil Mhá Nuad, agus ó shin i leith tá obair déanta aici le Conradh na Gaeilge agus Áras na nGael i nGaillimh. Bhunaigh sí an stáisiún pobail Raidió na dTreabh, a sholáthraíonn podchraoltaí agus cláir Ghaeilge ar líne agus stáisiúin eile pobail. Bíonn sí ag scríobh d’ardáin éagsúla ar líne, agus tá sí i bhfeidhil ar an mblag Instagram Humans of an Fáinne. Tá sí mar bhall freisin de Choiste Chlub Chonradh na Gaeilge. Faoi láthair, tá sí ag tabhairt faoi chúrsa iarchéime Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.

Tá sí paiseanta faoin gceol agus na healaíona, agus faoin gcomhionannas sóisialta. Bíonn sí le cloisteáil gach maidin ar an mBricfeasta Blasta, agus gach Aoine ar Scoth na Seachtaine. Is léiritheoir í freisin ar na cláir Fios Feasa, Meon na mBan, agus Timpeall Orainn.

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ailbhe Ní Riain
Is DJ raidió í Ailbhe Ní Riain a bhíonn ag casadh tiúineanna leictreonacha, ailtéarnacha agus uirbeacha chuile seachtain ar Mheangadh Mór na Céadaoine. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn