Aoife Ní Mhaoláin

Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn.  Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin.

Is múinteoir bunscoile í. Bhain sí céim bhaitsiléara san oideachas amach ó Choláiste Phádraig, Droim Conrach i 2011 le Gaeilge mar ábhar acadúil aici agus bhí sí ina ball de chumann Gaelach an choláiste le linn an chúrsa.

Tá paisean ollmhór aici do gach rud Éireannach agus déanann sí a seacht ndícheall grá do Ghaeilge a mhúscailt i measc na bpáistí ar scoil.

Tá dúil faoi leith aici i staidéar na dteangacha agus labhrann sí Fraincis fosta.

Ina cuid ama saor, taitníonn go mór léi bheith ag éisteacht le ceol agus seineann sí an veidhlín. Is aoibhinn léi spórt freisin, go háirithe peil Ghaelach.

Thosaigh sí ag obair le Raidió na Life ar bhonn deonach ag tús an tsamhraidh 2014 chun a cuid Gaeilge a chleachtadh. Bíonn Aoife ag déanamh taighde agus ag léamh na nuachta gach seachtain.

                                                                       

 

Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn