/ Antaine Ó Faracháin
Antaine Ó Faracháin
Rugadh Antaine Ó Faracháin i mBaile Átha Cliath. Is amhránaí é agus casann sé amhráin sa stíl dúchasach i nGaeilge agus i mBéarla. Cuireann sé An Gob Fliuch i láthair gach Luan ar Raidió na Life.
Chuir sé dhá shraith teilifíse i dtoll a chéile faoin amhránaíocht dhúchasach do TG4. Tá taithí aige ceardlanna amhránaíochta a thabhairt do gach aois.
Tá ceol Antaine le cloisteáil ar na taifeadtaí seo :‘Seachrán Sí’ (Cló Iar-Chonnachta, CICD 135) agus ‘Where Linnets Sing’ (Góilín).
Foilsithe: 27 Iúil 2016
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Bí páirteach sa chomhrá ar Facebook
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt.
Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin.
Léigh níos mó