Fógraíocht

Cúiseanna le fógraíocht a ghlacadh linn?

Déanann fógraíocht trí mheán na Gaeilge ar an stáisiún raidió pobail áitiúil móréilimh, Raidió na Life:

  • Láidriú ar íomhá agus branda ‘Éireannach’ ar leithligh
  • Láidriú ar an mothú gur rud ‘áitiúil’ is ea do chomhlacht, táirge nó seirbhís
  • Ceangailt mothúchánach dearfach a chruthú le do bhranda in aigne an tomhaltóra
  • Freagracht chorparáideach a léiriú ar bhealach beoga, dearfach trí thacú lenár gcuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn agus ag tabhairt oiliúint agus deiseanna foghlama do chraoltóirí deonacha ar bhonn neambhrabúis

rnal_advert_2

Tá liosta iomlán praghasanna ar fáil ar ár gCárta Rátaí agus is féidir tuilleadh eolais a fháil inár Leabhrán Eolais faoi fhógraí a ghlacadh le Raidió na Life. Cuir glao orainn inniu ar 01 6616333 nó seol ríomhphost chuig fograi@raidionalife.ie le fógra a chur in áirithe linn.

Cláraigh d'Obair Dheonach