Is comharchumann pobail é Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta (C.R.Á.C.T.) a bunaíodh ar 4 Iúil 1989 mar eagraíocht neamhbhrabúis chun seirbhís raidió a chur ar fáil do phobal Gaeilge mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Déanann Bord Stiúrtha, a cheaptar ag cruinniú ginearálta bliantúil na heagraíochta gach bliain, an comharchumann a stiúradh i gcaitheamh na bliana thar ceann an phobail chomhleasa, i gcomhar leis an mBainisteoir Stáisiúin. Tugann comhaltaí an Bhoird a gcuid ama saor in aisce agus is obair dheonach atá i gceist.
Tá baill an Bhoird ionadaitheach ar an bpobal geografach comhleasa ar a fhreastalaíonn Raidió na Life, idir ghnáthbhaill den phobal le spéis acu sa Ghaeilge, baill d’eagrais dheonacha Ghaeilge, daoine le taithí sa chraoltóireacht, i ngairmeacha éagsúla, lucht gnó srl. Tá an Bord Stiúrtha comhdhéanta de bhaill éagsúla den phobal – daoine a thagann ó chúlraí éagsúla agus a bhfuil spéis ar leith acu go léir sa Ghaeilge. Tugann na baill éagsúla seo saineolas, scileanna agus taithí ar leith i réimsí éagsúla leo go dtí an Bord.
Toghann scairshealbhóirí an chomharchumainn comhaltaí an Bhoird ag cruinniú ginearálta bliantúil an chomharchumainn. Ceadaítear faoi na rialacha freisin baill a chomhthoghadh ar an mBord i gcaitheamh na bliana, go háirithe nuair a bhíonn saintaithí nó sainscileanna ar leith á lorg/de dhíth nó nuair a thagann daoine oiriúnacha chun cinn le bearnaí i mballraíocht an Bhoird a líonadh.
Cathaoirleach: Cuan Ó Seireadáin
Ceoltóir agus staraí is ea Cuan, atá ag obair le Conradh na Gaeilge faoi láthair. Bleá Cliathach ó dhúchas, chaith sé breis is deich mbliana sa Ghearmáin ag déanamh staidéar air, agus ag seinm ceoil. Craolann sé go rialta ar Raidió na Life, agus tá sé ina bhall den Bhord Stiúrtha ó 2016 i leith.
Rúnaí: PT Mac Ruairí
Is iriseoir, scríbhneoir agus craoltóir raidió le 55 bliain é PT, le neart taithí aige ag obair i rólanna éagsúla ar nós feidhmeannach gnó; stiúrthóir cuideachtaí; léachtóir sna meáin chumarsáide; taighdeoir agus eile. Ball de Chonradh na Gaeilge ó 1955 go dáta, bhí sé mar Uachtarán ar an gConradh ó 1998 – 2003. Chaith sé tréimhsí éagsúla ar Bhord Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó 1975 agus bhí sé ina Uachtarán ar an gComhdháil ó 2004 – 2010. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Gaelscoileanna Teo agus chaith tréimhse mar Rúnaí Náisiúnta na heagraíochta sin. Duine de bhunaitheoirí Scoil Neasáin, bhí sé mar Bhainisteoir Deonach na scoile ó 1970 – 1974 agus chaith sé 25 bliain ar Bhord Stiúrtha Fhéile Idircheilteach Lorient, féile ina raibh sé mar Cheannasaí na hÉireann uirthi. Tá sé ina bhall agus ina chraoltóir le Raidió na Life ón tús agus tá breis agus deich mbliana caite aige ar an mBord Stiúrtha.
Stephen Hanaphy
Is abhcóide ó Bhaile Átha Cliath é Stephen, a bhíonn ag deileáil le dlí na trachtála, dlí na gcuideachtaí agus dlí na fostaíochta don chuid is mó den am. Rinne sé céim agus dochtúireacht sa stair i gColáiste na Tríonóide agus tá an-spéis aige i gcúrsaí litríochta, polaitíochta agus spóirt. Tá sé ina bhall den mBord Stiúrtha ó dheireadh 2018 i leith.
Cathal Póirtéir
Is craoltóir, scríbhneoir agus léiritheoir é Cathal Póirtéir a chaith tríocha bliain ag obair le RTÉ ag obair ar chúrsaí reatha, gné-chláir, drámaíocht, cláir fhaisnéise agus cláir Ghaeilge. Tá saothar drámaíochta leis léirithe ar an ardán, an raidió agus an teilifís. Tá spéis ar leith aige sa litríocht chomhaimseartha, sa bhéaloideas agus sa stair shóisialta agus dosaen leabhar agus dlúthdhioscaí foilsithe aige ar stair agus litríocht na hÉireann. Ar na bacain aige faoi láthair tá úrscéal stairiúil agus nóibhille. Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais air agus bhuaigh sé Gradaim Óir agus Airgid ag Gradaim Raidió an PPI.
Máire Ní Bhraonáin
Láithreoir, tráchtaire, anailísí agus múinteoir meánscoile í Máire Ní Bhraonáin a rugadh agus a tógadh i gContae na Gaillimhe. Is í an láithreoir ar Pheil na mBan Beo ar TG4 agus chuir sí C.L.U.B i láthair in éindí le Diarmuid Lyng.
Bhain sí céim sa Nua-Ghaeilge agus sa Staidéar ar an Drámaíocht amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus bhain sí iar-chéim amach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
Cara Nig Fhearraigh