Fúinn

Is stáisiún raidió pobail sainspéise é Raidió na Life a bunaíodh in 1993. Cuireann muid seirbhís raidió Ghaeilge ar fáil do Bhaile Átha Cliath ar 106.4 FM agus do dhaoine ar fud an domhain ar raidionalife.ie le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Stair an stáisiúin

I mí Mheán Fómhair 1988 tháinig grúpa daoine le chéile le breathnú ar an bhféidearthacht le seirbhís raidió lán-Ghaeilge a chur ar fáil do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Bhí an tAcht nua craolacháin díreach tagtha i bfheidhm ag an am agus é i gceist ag an gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách (IRTC) (anois an BCI) ceadúnais chraolacháin a bhronnadh i réimsí an chraolacháin tráchtála, phobail agus sainspéise. Bheartaigh an grúpa tionscnaimh gur comharchumann pobail an struchtúr eagraíochta ab fhearr a d’oirfeadh dá chuid aidhmeanna agus don fhealsúnacht a bheadh laistiar den chineál seirbhíse a bhunófaí.

Mar toradh air seo, bunaíodh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta agus cláraíodh é le Cláraitheoir na gCara-Chumann i mí Iúil 1989. Chuathas i mbun scaireanna sa chomharchumann ar £25 an ceann a dhíol i measc phobal na Gaeilge agus lorgaíodh tacaíocht na n-eagras Gaeilge eile don tionscnamh freisin. Tugadh an tacaíocht sin le fonn agus de réir a chéile cuireadh le líon na scairshealbhóirí sa chomharchumann. Socraíodh gur ‘Raidió na Life’ an t-ainm a bheadh ar an seirbhís chraolacháin.

Ba í phríomhaidhm an Chomharchumainn ná seirbhís chuimsitheach chraolacháin lán-Ghaeilge a chur ar fáil do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, ar bhonn oideachasúil agus pobail. Ní amháin go gcuirfeadh sé seirbhís riachtanach chultúrtha ar fáil, ach spreagfadh sé aithne ar agus díograis don teanga ar bhealach nach raibh feicthe cheana féin sa cheantar.

Chuir an Comharchumann feachtas poiblíochta ar bun agus rinneadh taighde ar an éileamh a bheadh ann don tseirbhís. Cuireadh iarratas cuimsitheach ar cheadúnas craolacháin sainspéise faoi bhráid an IRTC i 1990.
scan4-copy

 

Fuair an Comharchumann ceadúnas sealadach coicíse le bheith ag craoladh le linn Féile an Oireachtais i mí Dheireadh Fómhair 1991 agus d’éirigh go hiontach leis. Géaraíodh ar na hiarrachtaí ina dhiaidh chun ceadúnas fadtéarmach a bhaint amach. I mí na Nollag 1992, d’fhógair an Coimisiún go raibh sé i gceist acu ceadúnas a bhronnadh le haghaidh seirbhís raidió Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Chuir an Comharchumann isteach ar an gceadúnas seo agus d’éirigh leis an iarracht. Chuaigh Raidió na Life ar an aer ar an 25ú Meán Fómhair 1993 agus tá sé ag craoladh beo ó shin. Tá an stáisiúin lonnaithe in áras Fhoras na Gaeilge ag 7 Cearnóg Mhuirfean.

Tá taithí chraoltóireachta faighte ag na mílte ball de phobal mhórcheantar Átha Cliath sa stáisiún agus tá an-chuid acu anois i mbun gairmeacha proifisiúnta sa réimse sin. I measc iar-chraoltóirí an stáisiúin tá Sharon Ní Bheoláin (RTÉ News), Sinéad Crowley (RTÉ News), Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Aoibhinn Ní Shúilleabháin (RTÉ), Aoife Nic Cormaic (RTE Raidió a hAon), Deirdre Ní Dhálaigh (RTÉ Raidió a hAon), Fachtna Ó Drisceoil (Teilifís RTÉ agus RTÉ Raidió a hAon), Ciarán Leonach (Nuacht TG4/RTÉ), Ruairí Mac Con Iomaire (Nuacht TG4/RTÉ), Joe Reddington (Nuacht TG4/RTÉ), Brian Páircéir (Teilifís RTÉ), Michael McCormack (Teilifís RTÉ), Aedin Conlon (Teilifís RTÉ), Seán Ó hÉanaí (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Cearbhall Ó Síocháin(RTÉ Raidió na Gaeltachta), Dónal Ó Maolfabhail (Léiritheoir neamhspléach teilifíse), Sonia Nic Giolla Easbuig (Léiritheoir neamhspléach teilifíse), neamhspléach), Rónán Ó Muirthile (léiritheoir neamhspléach teilifíse), Gráinne Faller (Teilifís RTÉ/Irish Times), Diarmaid Mac Mathúna(léiritheoir Agtel), Róisín Saxe (MTV/VH1), Barbara Nic Dhonnchadha (Láithreoir raidió), Dáithí Ó Dáibhín (láithreoir Top 40 Oifigiúil na hÉireann) Daragh Ó Tuama (Láithreoir, Newstalk), Colm Ó Mongáin (Léiritheoir, Newstalk), Clíona Ní Chíosáin (Aifric ar Tg4) agus na sluaite daoine eile nach iad.

 

Foilsithe: 26 Iúil 2016

Cláraigh d'Obair Dheonach