Oiliúint

Cuireann Raidió na Life oiliúint ar fáil don bpobal sna réimsí a leanas:

Scileanna léiriúcháin raidió

Tugtar an deis d’oibrithe deonacha scileanna léiriúcháin raidió a fhoghlaim le treoir ó fhoireann Raidió na Life agus ó oibrithe deonacha eile atá ag craoladh linn le tamall fada.

Má tá suim agat foghlaim faoi conas clár raidió a dhéanamh linn, féach ar an leathanach atá againn ar obair dheonach le Raidió na Life.

Spraoi

Is é aidhm an tionscadail SPRAOI guth a thabhairt do pháistí i bpobal na Gaeilge agus an stáisiún a chur ar fáil mar áis foghlama do bhunscoileanna.

Mar chuid den tionscadal, tabharfaidh foireann SPRAOI cuairteanna ar ghaelscoileanna, ag tabhairt deiseanna do na páistí scileanna raidió a fhoghlaim.

Le linn gach cuairt scoile, beidh seans ag na páistí foghlaim faoi na féidearthachtaí a bhaineann leis an raidió agus déanfar agallaimh agus ceol a thaifead leo.

Más maith leat tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal seol ríomhphost chuig eolas@raidionalife.ie

FETAC/QQI

Bíonn Raidió na Life ag reachtáil cúrsaí oiliúna FETAC/QQI i gcomhpháirtíocht le CRAOL – Fóram Raidió Pobail na hÉireann.

Tá sé mar sprioc ag na cúrsaí seo oiliúint a thabhairt d’fhoghlaimeoirí ar réimse ábhair a bhaineann le raidió, mar aon leis na scileanna phraicticiúla a ghabhann leis.

Bíonn na cúrsaí a leanas á reachtáil ag an stáisiúin:

·  CRAOL FETAC/QQI (Leibhéal 3) Express Yourself! Teenagers Making Radio That Matters

·  CRAOL FETAC/QQI (Leibhéal 3) Tuiscint ar na Meáin agus conas thú féin a chur in iúl

·  CRAOL FETAC/QQI (Leibhéal 4) Scileanna Raidió Pobail

·  CRAOL FETAC/QQI (Leibhéal 4) Scileanna Cumarsáide

Tá CRAOL ina sholáthraí oiliúna ar cháilíocht dhearbhaithe cláraithe le QQI/FETAC.  Féach

Níl aon cúrsaí oiliúna á reachtáil ag an stáisiúin faoi láthair. Fogrófar na sonraí  faoi chúrsaí úra amach anseo ar an suíomh seo agus ar na meáin shóisialta.
 
FUAIM & FÍS

Bíonn Raidió na Life ag cur iarratais isteach le haghaidh maoiniú do thograí raidió ó scéim mhaoinithe chraoltóireachta Fuaim & Fís Údarás Craolacháin na hÉireann.

Cuirfear fáilte roimh smaointí éagsúla le haghaidh cláracha ó léiritheoirí neamhspleácha.

Cuirfear tacaíocht agus treoir phroifisiúnta ar fáil chun an leiriúchán a chur i gcrích.

Más maith leat teagmháil a dhéanamh linn faoin sceim seo, déan teagmháil le eolas@raidionalife.ie.

Taithí oibre

Cuireann Raidió na Life fáilte i gcónaí roimh scoláirí ó scoileanna áitiúla atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna craoltóireachta agus foghlaim faoi na meáin Ghaeilge.

Más maith leatsa taithí oibre a dhéanamh le Raidió na Life, cuir scairt ar an oifig ar 01 6616 333 i rith na seachtaine.  Bíonn teorainn le líon na n-áiteanna atá ar fáil do scoláirí mar sin is fearr teagmháil a dhéanamh linn mí nó dhó roimh ré le d’áit a chinntiú.

Beo anois...
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Sceideal
Sceideal Iomlán...
Peadar Ó Caomhánaigh
Cuireann Peadar Ó Caomhánaigh an clár Scéal na Seachtaine i láthair gach Déardaoin. Is as Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath dó. Léigh níos mó
Cáit Fahey
Is DJ í Cáit Fahey agus bíonn sí le cloisteáil ar an gclár DIP gach Luan ar Raidió na Life. Léigh níos mó
Raidió na Life ar Instagram
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn