Rogha na nÓg
23.11.2018 13:00

Ar an gclár seo, cloisfidh tú scoth an cheoil roghnaithe agus curtha i láthair ag duine de na daltaí scoile atá ar thaithí oibre linn.

Cuireann Raidió na Life fáilte uí Cheallaigh i gcónaí roimh scoláirí ó scoileanna áitiúla atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna craoltóireachta agus foghlaim faoi na meáin Ghaeilge.

I rith na seachtaine, craoltar na cláracha éagsúla atá curtha i dtoll a chéile ag na daltaí scoile.

Más maith leatsa taithí oibre a dhéanamh le Raidió na Life, cuir scairt ar an oifig ar 01 6616 333 i rith na seachtaine.  Bíonn teorainn le líon na n-áiteanna atá ar fáil do scoláirí mar sin is fearr teagmháil a dhéanamh linn mí nó dhó roimh ré le d’áit a chinntiú.

Láithreoirí:
Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ

Raidió na Life ar Instagram

Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn