Gaeilge na hArdteistiméireachta 2013

Gaeilge na hArdteistiméireachta 2013
27.09.2017 18:30
Gaeilge na hArdteistiméireachta 2013
29.09.2017 13:30
Gaeilge na hArdteistiméireachta 2013
01.10.2017 13:30

Tá na filí Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson agus Cathal Ó Searcaigh, chomh maith leis na húdair  Éibhlís Ní Dhuibhne, Maidhc Dainín Ó Sé agus Deirdre Ní Grianna i measc scríbhneoirí eile go bhfuil go bhfuil saothair leo ar chúrsa Gaeilge na  hÁrdteiste, le chlos ar Raidió na Life 106.4 FM idir seo agus tráth na  scrúdaithe.

Tá dhá chlár déag ar fad sa tsraith, le múinteoirí go bhfuil an- chur amach acu ar an gcúrsa ag plé agus ag cíoradh ábhar an chúrsa ar gach chlár. Is iontach an deis í seo ag daltaí Ardteiste cuid de na filí agus údair eile  a chlos ag léamh a gcuid saothar féin agus ag míniú cad a spreag chun pinn iad. Bainfidh múinteoirí leas as  an sraith leis; tabharfaidh sé deis dóibh léargas daoine eile ar an gcúrsa a chlos agus a phlé sa rang.

Is le cabhair ó chiste craoltóireachta Fuaim & Fís de chuid Údarás Craolacháin  na hÉireann a dhein an comhlucht léiriúchán Scéal Eile na cláracha seo do Raidió na Life 106.4FM.
Is athchraoladh atá sa tsraith seo.

Gaeilge na hArdteistiméireachta 2013

Fotha: http://www.raidionalife.ie/podcast/geailge2013.xml

 

19/4/2013: Clár 1. Painéal: Aingeal Seoighe agus Ruaidhrí Ó Báille.

“Mo Ghrása idir Lúibíní” á léamh ag an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill agus cur síos uaithi ar chúlra an dáin.

“Caoineadh Airt Úi Laoghaire”  le Eibhlín Dubh Ní Chonaill.

Sliocht á léamh ag an aisteoir Audery Ní Fhearaíl.

19/4/2013: Clár 2. Painéal: Ruaidhrí Ó Báille agus Robbie Ó Cróinín.

“Eiceolaí” le Biddy Jenkinson, á léamh aici féin agus cur síos uaithi ar cad a spreag í chun an dán a scríobh.

An Spailpín Fánach. Ní fios cé a chum. An t-aisteoir Tadhg Ó Bric ag léamh roinnt véarsaí i bhfoirm fileata.

26/4/2013: Clár 3.  Painéal: Micheál Ó Ruairc agus Áine Ní Ghlinn

“Fill Arís” le Seán Ó Ríordáin.

“An tEarrach Thiar” le Máirtín Ó Direáin”.

Cloisfear na filí ag léamh a gcuid dánta, a bhuíochas san do Ghael-Linn agus na dlúthdhioscaí atá eisithe acu leis na mbeirt shár fhile ag léamh a saothar féin.

26/4/2013:  Clár 4. Painéal: Mícheál Ó Ruairc agus Áine Ní Ghlinn.

“Colmáin” Beidh guth an fhile Chathal Uí Shearcaigh le cloisint ar an gclár seo ag léamh agus ag cur síos ar chúlra an dáin.

“Géibheann” le Cailín Maude á léamh ag Treasa Ní Chonghaile.

3/5/2013:  Clár 5. Painéal: Ruaidhrí Ó Báille agus Robbie Ó Cróinín.

“Colscaradh” le Pádraig Mac Suibhne. File Ultach eile ag léamh agus ag cur síos ar a dhán.

“A Chlann” á léamh ag an bhfile Máire Áine Nic Gearailt agus cur síos ar cad a spreag í chun an dán a scríobh.

3/5/2013:   Clár 6.Painéal: Ciarán Ó Duinneacha & Bernadine Nic Giolla Phádraig.

“Hurlamaboc” Cloisfear sliocht as an úrscéal á léamh ag an údar Éilís Ní Dhuibhne agus cur síos uaithi ar cad a spreag í chun an scéal seo a scríobh.

“Dís” Gearrscéal i bhfoirm comhrá le Siobhán Ní Shúilleabháin. Plé.

10/5/2013:  Clár 7. Painéal: Máiréad Ní Dhuchon agus Diarmaid Ó Tuama.

“An Lasair Choille” Dráma le Caitlín Maude i bpáirt le Mícheál Ó hAirtnéide.

“Seal i Neipeal” Sliocht as a leabhar taistil, á léamh ag Cathal Ó Searcaigh agus cuntas uaidh ar chúlra na sleachta áirithe seo.

10/5/2013:Clár 8.Painéal: Ciarán Ó Duinneacha & Bernadine Nic Giolla Phádraig.

“Cáca Milis” le Brian Lynch. Sliocht as an gearrscannán (DVD) le cead Igloo Films.

Plé ar an scannaíocht mar mhódh múinte.

“Gafa” An túdar Ré Ó Laighléis ag cur síos ar a úrscéal agus ag léamh sleachta as.

17/5/2013: Clár 9. Painéal: Aingeal Seoighe agus Ruaidhrí Ó Báille.

“Oisín i dTír na nÓg” Seanchas na Féinne – Niall Ó Dónaill.

Tá scéal Óisín curtha le ceoil ag Colm Mac Séalaigh agus beidh leagan álainn le clos ar an gclár á chanadh agus á sheimint ag Na Fíréin.  Ar Lipéid Gael-Linn

“Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne” Nessa Ní Shé a chuir in eagar. Plé.

17/5/2013:Clár 10. Painéal: Máiréad Ní Dhuchon agus Diarmaid Ó Tuama.

“An Gnáth Rud” Gearrscéal le Deirdre Ní Grianna lonnaithe i mBéal Feirste. Cloisfear guth an údair  agus í ag léamh sleachta as a scéal agus  tabharfaidh sí léargas dúinn ar an gcúlra.

“Canary Wharf” Gearrscéalta le hOrna Ní Choileáin. Beidh Orna ag léamh sleachta as an scéal Canary Wharf agus ag cur síos ar an gcnuasach.

24/5/2013: Clár 11. Painéal:Treasa Ní Chonghaile agus Diarmaid Ó Tuama

“An Trial” Dráma iomráiteach le Máiréad Ní Ghráda.

24/5/2013: /2013: Clár 12. Painéal: Lorcán S. Ó Treasaigh agus Ruaidhrí Ó Báille.

“A Thig Na Tit Orm” le Maidhc Dainín Ó Sé. Cur síos ag an údar ar a óige i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Láithreoirí:
Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn