Gach Treo
Gach Treo
28.01.2021 12:00
Gach Treo
31.01.2021 14:00
Gach Treo
04.02.2021 12:00
Tá Anthony Cummins ina láithreoir ar an gclár ceoil domhanda “Gach Treo!”, clár ceoil domhanda a chuireann fíor-mheascán ceoil os do chomhair gach seachtain.
Le dhá bhliain anuas craoltar an clár go seachtainiúil ó Kuala Lumpur sa Mhalaeisia, áit a bhfuil Anthony anois ag cur faoi. Bhog sé ansin ar iasacht ó Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn mar Ollamh Leighis Teaghlaigh ag an scoil leighis nua atá acu sa Mhalaeisia in Ollscoil Perdana.
Craoltar “Gach Treo!” gach tráthnóna Dé Céadaoin idir 7 agus 8 i.n. agus déantar é a athchraoladh ag a meán lae Déardaoin agus arís ag a 2 i.n. Dé Domhnaigh .
Má tá iarratais agaibh seol chuig Anthony iad ar Twitter ag @Gach_Treo.
Láithreoirí:
GIOLCACHA IS DÉANAÍ