Is é Niall Ó Cearbhaill a chuireann an clár DJ NUA i láthair. Ar an gclár, bíonn léargas ar raon leathan de stíleanna ceoil ina measc rac ailtéarnach, hip-hop, ceol clasaiceach agus snagcheol.

Bíonn ceoltóirí le cloisteáil ar an gclár seo nach gcloistear go hiondúil ar an raidió agus seodra ó oirfidigh mhóra le rá nach gcloistear ach go fíor-annamh.

Chomh maith leis seo, pléitear na scéalta taobh thiar de na píosaí ceoil agus a gcomhthéacs ginearálta i gceol na tréimhse airithe sin.

Ag éisteacht leis an gclár seo, tá seans go mbeidh idir iontas agus áthas ort ach is cinnte go mbeidh léargas spéisiúil agus siamsúil le cloisteáil.

Tá cláracha iomlán le fail ar an leathanach Mixcloud.

Láithreoirí:
Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn