Cupán Tae le Julie Jay
Bíodh cupán tae agat in éineacht le Julie gach Aoine ar Raidió na Life
Tá áthas ar Raidió na Life a fhógairt go bhfuil sraith úr cainte tosnaithe ag an bhfuirseoir Julie Johnson, a bheidh le cloisteáil gach Aoine idir 7-8pm.
Sa tsraith úr, caitheann Julie Jay súil siar ar scéalta éagsúla agus aisteacha ón tseachtain i slí éadrom.
“Má tá fíor-nuacht uait; b’fhéidir cas an diall; ach má tá cupán tae is píosa craic uait; bígí linn” a deir sí.
Is fuirseoir í Julie Jay agus bíonn sí ar stáitse ag seónna grinn trí mheán na Gaeilge agus Béarla ag clubanna agus féiltí timpeall na tíre le tamall anuas: The International, Comedy Crunch, Cork City Limits is The Roisin Dubh; Electric Picnic, Ravelóid is Féile Lúnasa leis.
Bí ag súil le spraoi, siamsaíocht agus greann sa chlár seo ina mbeidh plé ar threochtaí ar líne, cúrsaí grá, scannail na seachtaine, scéalta neamhgháthacha agus laochra agus bithiúnaigh na seachtaine.
Anuas air sin, beidh an deis ag na héisteoirí páirt a ghlacadh sa quiz seachtainiúil lena gcuid saineolas faoin tseachtain a fhiosrú.
Chomh maith leis sin beidh aíonna ag bualadh isteach sa stiúideo agus beidh plé agus Spraoi leo ar an raidió.
Craoltar Cupán Tae le Julie Jay gach Céadaoin idir 6-7pm ar Raidió na Life 106.4FM.