Clár na Rudaí Beaga
01.06.2017 18:00
Clár na Rudaí Beaga
02.06.2017 07:00
Clár na Rudaí Beaga
03.06.2017 05:00

Thosaigh Clár na Rudaí Beaga thiar i 1994, sa chéad bhliain de Raidió na Life a bheith ar aer! Roinnt cairde a tháinig le chéile gach tráthnóna Sathairn ag plé gach aon rud ó cheol go dtí cursaí polaitíochta, níl ann anois ach Ian Creamer ag léiriú is ag láithriú an chláir agus tá an pholaitíocht imithe – ach tá an ceol fós ann!

Bíonn gach aon chineál ceoil le cloisteáil ar an gclár ó cheol Indie-Ailtéarnach go ceol leictreonach, rac go ceol Americana, ceol damhsa go ceol pop agus araile. Ceol nua a bhíonn le cloisteáil de ghnáth ach dár le Ian: “toisc go bhfuil gach aon bhanna ceoil ag iarraidh bheith cosúil le grúpaí ó na h80dí bíonn rianta suimiúla ón aois sin le cloisteáil ar an gclár freisin”. Bíonn an-tionchar ag irisí Q, Uncut, Mojo, NME agus suíomh Pitchfork ar roinnt mhaith den cheol nua a chasann Ian. Roghnaítear ceol ó bhannaí nua Éireannacha freisin. Sa bhreis ar an gceol bíonn plé ar chúrsaí scannán, teilifís, gigeanna agus spórt an deireadh seachtaine atá ag teacht. Sin uair a’ chloig plódaithe – gach Déardaoin idir a 6 is a 7 tráthnóna!

Láithreoirí:
Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn