An Bricfeasta Blasta

An Bricfeasta Blasta
22.08.2017 08:00
An Bricfeasta Blasta
23.08.2017 08:00
An Bricfeasta Blasta
24.08.2017 08:00

bricblast_a4_advert

Faoin gclár:

Éist linne agus tú ag éirí ag maidin agus ar do bhealach chun na hoibre, chun na scoile nó chun na hollscoile.

Bímid ag caint faoin méid atá sna nuachtáin agus faoi chúrsaí spóirt, bíonn moltaí againn daoibh don tráthnóna (moltaí teilifíse Dé Luain, oideas deas don Chéadaoin agus leideanna faoi na rudaí is fearr le déanamh ag an deireadh seachtaine san áireamh) agus bíonn réimse leathan ábhar eile á bplé againn: aclaíocht, sláinte, cluichí ríomhaire, cúrsaí teicneolaíochta, cúrsaí faisin, cúrsaí áilleachta agus déanaimid cíoradh ar chrá croí na n-éisteoirí!

Leis, bíonn ceol den chéad scoth againn gach maidin le dea-spionn ort go moch ar maidin.

Is féidir leatsa páirt a ghlacadh sa chlár chomh maith – cuir téacs chuig 086 600 1064, cuir ríomhphost chuig beo@raidionalife.ie agus bain úsáid as #BricBlasta ar Twitter @raidionalife

 

Gradaim:

Bronnadh Gradam ar an gclár ag Gradaim CRAOL 2017 sa rannóg dírithe ar chláir chainte- leas an phobail.

Ainmníodh an Bricfeasta Blasta sa rannóg don irischlár is fearr ag Gradaim na Meán Ceilteach 2017. B’shin an chéad uair do chlár irise ón stáisiún ainmniúchán a bhaint amach sa rannóg sin!

 

Láithreoirí:
Tá Niamh ina clár reachtaire le Raidió na Life faoi láthair. Léigh níos mó
Is féidir leat éisteacht le hAindriú ar an mBricfeasta Blasta ar an Luan, Céadaoin agus an Déardaoin. Is as Carraig-na-Siúire i gContae Thiobraid Árann é Aindriú de Paor agus tá sé ina thríú bliain dá chéim chumarsáide in OÉ Gaillimh. Léigh níos mó
Is ó Sligeach/Doire do Laura. Bíonn sí mar chomhláithreoir ar an gclár, An Bricfeasta Blasta gach Déardaoin. Léigh níos mó
Rugadh agus tógadh Niamh Ní Chadhla i dTamhlacht i gContae Bhaile Átha Cliath. Fuair sí a cuid bunscolaíochta agus a cuid meánscolaíochta trí Ghaeilge, ansin rinne sí céim sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Léigh níos mó
Beo anois!
Ag teacht gan mhoill...
GIOLCACHA IS DÉANAÍ
Raidió na Life ar Instagram
Ailbhe Ní Riain
Léigh níos mó
Aindriú Mac an Rí
Is Átha Cliathach é Aindriú Mac an Rí, as Baile an tSaoir. Cuireann sé an Meangadh Mór i láthair gach Máirt. Léigh níos mó
Aoife Ní Mhaoláin
Is í Aoife Ní Mhaoláin a chuireann na Cinnlínte Nuachta i láthair gach Satharn. Is as Dún Dealgan, Contae Lú d’Aoife Ní Mhaoláin. Léigh níos mó
Ceannaigh Scair
Tacaigh le Raidió na Life inniu trí scair a cheannach.
Tacaigh linn