Fios Feasa
Lá: Luain go hAoine
Am: 20.03 - 21.00
Athchraoladh: Luain go hAoine @ 08.00
Cinéal Clár: Caint
Dé Luain - Cormac Mac Gabhann:
Dé Mairt - Ruth Killen & Judy-Meg Ní Chinnéide: Is as Baile Átha Cliath do Judy-Meg agus thosaigh sí mar shaorálaí i Raidió na Life ag tús 2011. Chaith sí roinnt blianta deasa ina cónaí i Londain, áit a raibh sí ag obair i bhfoilseoireacht leabhair, agus i ndiaidh sin, chaith sí tréimhse craiceáilte mar cheoltóir traidisiúnta, ina cónaí ar long ar an Mhuir Bhailt, ag taisteal idir an Fhionlainn agus an tSualainn. Bíonn Judy-Meg ag léamh na nuachta Dé hAoine, agus tá sí mar chomh-láithreoir ar Fios Feasa, in éineacht le Ruth Killen, ar eagrán na Máirte den chlár.
Dé Céadaoin - Kate Ní Uallacháin & Rachel Ní Chuinn: Is as Cill Dara do Kate. Faoi láthair tá sí sa bhliain dheireanach den BA sna Meáin Chumarsáide atá á dhéanamh aici in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Is bréa léi bheith ag taistil agus nuair atá sí cáilithe ba mhian léi dul thar lear chun tuilleadh taithí a fháil sna meáin. Oibríonn sí anois agus arís mar mhúinteoir Gaeilge sealadach i mBaile Átha Cliath. Mar chaitheamh aimsire bíonn sí ag snámh go rialta agus is aoibhinn léi bheith ag damhsa thart timpeall ar na málaí láimhe ("handbags”) ar oíche amuigh ar an mbaile leis na cailíní. Thosaigh sí ag léamh na nuachta ar Raidió na Life i mí Mheán Fómhair na bliana seo.
Is as Baile Átha Cliath do Rachel Ní Chuinn atá ag déanamh staidéir ar cheol agus ar theicneolaíocht na meáin chumarsáide i gColáiste na Trionóide. Is ealaíontóir, cumadóir agus ball den Dublin Laptop Orchestra í. Faoi láthair tá sí ag eagrú imeachtaí ceolmhara le haghaidh na hOíche Chultúir 2011 agus don fhéile ABSOLUT Fringe. Thosaigh sí le Raidió na Life de bharr an bhlais raidió a fuair sí i CKUT, stáisiún raidió pobail i Montreal, Ceanada. Tá suim mhór aici i gcúrsaí cultúrtha agus baineann sí an-taitneamh as an deis bualadh le ceoltóirí agus ealaíontóirí ar an gclár.
Déardaoin - Sara McNamara: Is as an Tulach i gCo. an Chláir í Sara McNamara, mar sin ní haon ionadh go bhfuil suim mhór aici i gceol traidisiúnta. D'fhreastail sí ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh, áit ar bhain sí amach céim sa Bhéarla agus sa Stair agus Dioplóma sa Ghaeilge freisin. Bhog sí go Baile Átha Cliath i 2008 ach tá sí fós ina 'culchie' bródúil! Is anseo i mBaile Átha Cliath a fuair sí Dioplóma san Iriseoireacht is na Meáin Chumarsáide ó Scoil Ghnó Baile Átha Cliath. Is maith léi gach aon saghas ceoil, taitníonn fíon dearg léi agus is maith léi píosa beag cúlchainte anois is arís!
Dé hAoine - Scoth na Seachtaine - le Cian Mac Cárthaigh: Bailiúcháin de bhuaicphointí na gclár cainte ar Raidió na Life i rith na seachtaine is ea "Fios Feasa - Scoth na Seachtaine", a chuireann Clár Reachtaire an stáisiúin, Cian Mac Cárthaigh i láthair gach oíche Aoine idir a 8 agus a 9. Déantar athchraoladh ar an gclár seo ar an Satharn óna 2 go dtína 3 i.n., agus ar an Domhnach idir a 1 agus a 2 tráthnóna. Craoltar an clár seo freisin ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste agus ar stáisiúin raidió phobail eile thart timpeall na tíre atá ina mbaill de scátheagraíocht na hearnála raidió pobail CRAOL (Fóram Raidió Pobail na hÉireann).


