Tugann an Taoiseach Leo Varadkar cuairt ar stiúideonna úrnua Raidió na Life

Ag ócáid a reáchtáil Foras na Gaeilge oíche aréir, 30ú Eanáir, d’oscail an Taoiseach Leo Varadkar an foirgneamh ina bhfuil oifigí nua an Fhorais ag 63 – 66 Sráid Amiens, i mBaile Átha Cliath 1 go hoifigiúil.

Thug an Taoiseach cuairt impromptu ar stiúideonna nua-thógtha Raidió na Life le linn dó a bheith ar an láthair, áit a bhfuil stiúideonna agus oifigí nua an stáisiúin lonnaithe taobh le taobh le hoifigí Fhoras na Gaeilge.

Le linn dó a bheith ag tabhairt cuairte ar ár stiúideonna úrnua – nach bhfuil oscailte fós, agus a sheolfar níos déanaí an mhí seo – bhí an Taoiseach ar an gcéad duine le triail a bhaint as an ndeasc fuaime nua i Stiúideo 1.

Bhí áthas ar an Taoiseach an deis a bheith aige bualadh le foireann Raidió na Life agus mhol sé go mór an obair den scoth a dhéanann Raidió na Life chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mórcheantar Átha Cliath agus seirbhís raidió trí Ghaeilge a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge, idir óg is aosta agus idir chainteoirí líofa agus foghlaimeoirí.

Thug sé moladh ar leith don gcur chuige atá ag an stáisiún ó am a bhunaithe chun cláir ar an iliomad ábhair éagsúla a chur i láthair i stíl chomhaimseartha agus fuinniúil a mheallann go háirithe daoine óga agus foghlaimeoirí na teanga le bheith ag éisteacht le raidió trí Ghaeilge.

Live now!
See what's coming next...
RECENT TWEETS

Raidió na Life ar Instagram

Liam Mac Amhlaigh
Liam Mac Amhlaigh is a lecturer in Irish Language and Literature in National University of Ireland Maynooth. Read more
Ian Creamer
Read more
Purchase a share
Support Raidió na Life by purchasing a share or making a donation
Purchase